Rachairt Mhór ar an Ghaeilge ag an Tríú Leibhéal Ó Thuaidh, Ach Gá Le Tuilleadh Brú sna Meánscoileanna Béarla

Déanann Conradh na Gaeilge comhghairdeas le mic léinn Ardleibhéil ó thuaidh, molann don Roinn Oideachais béim níos treise a chur ar na teangacha ag an dara leibhéal

Molann Conradh na Gaeilge go mór torthaí iontacha na mac léinn Gaeilge ag Ard-Leibhéal ó thuaidh, a fógraíodh inniu (Déardaoin, 13 Lúnasa 2015) agus a léiríonn arís eile go bhfuil ardchaighdeán Gaeilge á theagasc sna meánscoileanna ó thuaidh. Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil ardmholadh tuilte ag na daltaí a thugann faoi na scrúdaithe seo, agus ag na múinteoirí a bhí á dteagasc araon - bíodh siad in earnáil na meánscolaíochta Béarla nó sa chóras Gaeloideachais - ach iarrann an Conradh ar An Roinn Oideachais tacaíocht agus oiliúint leanúnach a chinntiú do na múinteoirí sin amach anseo.

Deir Niall Comer, Léachtóir leis an Ghaeilge in Ollscoil Uladh, agus Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

 

“Is léir ó chaighdeán na marcanna a fuarthas inniu go bhfuil an-obair go deo idir lámha ag múinteoirí Gaeilge ó thuaidh. Ag amharc ar fhigiúirí iontrála na hOllscoile don bhliain seo is cinnte go bhfuil an-ráchairt ar an Ghaeilge ag an tríú leibhéal. Tá ról againne ard-chaighdeán oideachais a chur ar fáil in Ollscoil Uladh agus tríd an Chonradh déanfar gach iarracht freastal ar riachtanas na mac léinn sin i dtaobh cearta teanga, deiseanna breise oiliúna agus deiseanna fostaíochta nuair a bheas an chéim críochnaithe acu.”

Ach dhírigh Niall Comer fosta ar an tábhacht a bhaineann le teangacha a aithint mar ábhair éigeantacha, mar fhréamhábhair, sna meánscoileanna, agus dúirt go bhfuil an córas reatha ag teip ní amháin ar an Ghaeilge, ach ar na teangacha i gcoitinne. Deir sé:

 

“Ní mór anois don rialtas faoi dheireadh an tacaíocht cheart a chur ar fáil don Ghaeilge ag an dara leibhéal. Tá beartas oideachais ag Conradh na Gaeilge ó thuaidh a mholann gur cheart:

    1. teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla); agus
    2. go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin.”

Deir Edel Ní Bhraonáin, Comhordaitheoir na Mac Léinn ar an Tríú Leibhéal le Conradh na Gaeilge:

 

“Is cúis áthais do Chonradh na Gaeilge go mbeidh oiread sin daoine óga ag leanúint leis an nGaeilge ag an tríú leibhéal. Is bealach isteach iad na hOllscoileanna do dhaoine óga ardoideachas a fháil i dtaobh na Gaeilge don saol oibre amach anseo, gné atá millteanach tábhachtach anois agus earnáil phoiblí na Gaeilge ag fás mar atá. Tugann Conradh na Gaeilge tacaíocht faoi leith le reáchtáil agus stiúradh na gCumann Gaelach agus molaimid do mhic léinn úra agus reatha ról gníomhach a bheith acu sna cumainn seo agus iad ar an Ollscoil. Beidh neart imeachtaí ann dírithe ar na Cumainn Ghaelacha sna míonna atá amach romhainn agus ba bhreá linn dá mbeadh oireadh mac léinn agus is féidir páirteach iontu.

 

“Más rud é nach bhfuil sé i gceist agat dul ar aghaidh chuig an tríú leibhéal tá go leor bealaí eile ar féidir leat bheith páirteach i saol na Gaeilge. Molann muid do dhaoine óga bheith gníomhach i bpobal na Gaeilge trí chéile agus bheith rannpháirteach in imeachtaí agus sochaí á bpobal féin.”

TUILLEADH EOLAIS:

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) ó thuaidh

00 44 (0)77 16690237 | 00 44 (28) 903 15647 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Edel Ní Bhraonáin,

Comhordaitheoir na Mac Léinn ar an Tríú Leibhéal, Conradh na Gaeilge

00 353 (0)87 6289794 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge