Skip to main content

Béal Feirste Le Chéile: Idir Thoir & Thiar Ag Ceiliúradh Stair Chonradh na Gaeilge

Déanann grúpaí Gaeilge sa chathair comóradh ar scéal roinnte chraobh Bhéal Feirste

Bunaíodh an chéad chraobh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar an 19 Lúnasa 1895, agus déanfaidh grúpaí Gaeilge ar fud na cathrach ceiliúradh ar an stair roinnte seo inniu (Dé Céadaoin, 19 Lúnasa 2015). Is in Uimhir 32, Bóthar Beersbridge Uachtar in Oirthear Bhéal Feirste a bhunaigh Dr John St Clair Boyd an chéad chraobh den Chonradh sa chathair. Ba mháinlia péidiatraice mór le rá é Boyd, a bhí ina bhall d’Eaglais na hÉireann, agus eisean a chuir an t-ionad ar fáil don chruinniú; ceapadh é ina chéad chathaoirleach ar an chraobh fosta.

Beidh turas bus – arna eagrú ag TURAS, Misean Oirthear Bhéal Feirste, agus faoi stiúir Gordon McCoy agus Aidan Campbell – ag tabhairt cuairte ar mhór-láithreáin na n-imeachtaí seo mar chuid den cheiliúradh ag 11.00rn inniu (19 Lúnasa 2015). Reáchtálfaidh Conradh na Gaeilge taispeántas dírithe ar phictiúr cartlainne agus leathanaigh bhallraíochta an Chonartha ó Chúige Uladh ón tréimhse seo i gcaifelann Skainos, 239 Bóthar Bhaile Nua na hArda um thráthnóna fosta. Déanfaidh Forbairt Feirste ceiliúradh in iarthar na cathrach fosta ar 120 bliain d’athbheochan na Gaeilge i mBéal Feirste tráthnóna, áit a dtiocfaidh an grúpa le chéile ag geataí Reilig na Cathrach, Béal Feirste, ag 2.00in, agus rachaidh ar siúlóid go huaigh Boyd, áit a ndéanfar cuimhneamh ar imeachtaí 1895. Is imeachtaí oscailte iad na himeachtaí seo de chuid Turas agus Forbairt Feirste, agus tá fáilte roimh chách freastal orthu ach moltar teagmháil a dhéanamh leo ar dtús.

Ceannáras Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste

Deir Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge agus Uachtarán ar Chomhaltas Uladh:

 

“Tá sé fíor-thábhachtach go n-aithnítear an stair roinnte, thrasphobail, atá ag an Chonradh. Tá áthas orainn anois go mbeidh an ócáid stairiúil seo á ceiliúradh fud fad Bhéal Feirste. Léiríonn imeachtaí mar seo an dul chun cinn atá déanta le blianta anuas i dtaobh na Gaeilge, ní amháin i mBéal Feirste, ach ó thuaidh ar fad. Ní comhtharlú é, ag amharc ar an stair seo, go bhfuil obair cheannródaíoch ar bun in oirthear Bhéal Feirste sa lá atá inniu ann, agus tá ard-mholadh tuilte ag Turas, agus ag Linda Ervine, as an oidhreacht roinnte seo a aithint agus a cheiliúradh mar ba chóir. Guíonn Conradh na Gaeilge gach ráth ar na himeachtaí go léir an tseachtain seo.”

Deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ó thuaidh:

 

“Má amharcann muid ar stair na Gaeilge ar fud na hÉireann, tagann ainmneacha móra chun cuimhne ó achan thaobh den phobal. I gcomhthéacs an Dr John St Clair Boyd, ba cheannródaí é anseo i mBéal Feirste, mar a bhí in Roibeard Mac Ádhaimh sna blianta roimhe sin, agus go leor eile go dtí an lá atá inniu ann. Fríd imeachtaí mar seo déantar úsáid agus íomhá na Gaeilge a normalú, agus a cheiliúradh. Ní mór dúinn an stair iontach seo a chur ar ais i mbéal an phobail, agus ar an dóigh sin taispeánfar arís gur teanga do chách í an Ghaeilge.”

TUILLEADH EOLAIS:

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Feidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) ó thuaidh, Conradh na Gaeilge

00 44 77 16690237 | 00 44 28 90 315647 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Abhcóideachta ó thuaidh, Conradh na Gaeilge
0044 75 45293841 | 0044 28 90315647 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

EOLAS Ó NA GRÚPAÍ FÉIN:

 

Conchúr Ó Muadaigh

Oifigeach Tionscadail, Forbairt Feirste

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 0044759 6520 262

 

Gordon McCoy

Comhordaitheoir Tionscnaimh, Turas
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 0044782 4348 988

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.