Skip to main content

Imeascadh Trí Mheán na Gaeilge

Seolann Conradh na Gaeilge Feachtas Feasachta do Nua-Éireannaigh

Seolfaidh Conradh na Gaeilge feachtas feasachta ar an ilchineálacht do phobail Nua-Éireannacha ar spéis leo foghlaim faoin nGaeilge an tseachtain seo, feachtas dar tús Dé Céadaoin, 26 Lúnasa 2015, ar 2.00in nuair a reáchtálfar caint in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhréifne i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma.

Deir Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Cé go ndéanann muid talamh slán de thionchar na Gaeilge ar an sochaí anseo ar uairibh, tá an teanga fite fuaite leis an gcultúr s’againn, agus is léir sin do núíosaigh atá tar éis teacht chun na tíre. Is teanga do chách í an Ghaeilge – ba chóir go mbeadh gach deis ar fáil do gach duine chun sult agus tairbhe a bhaint aisti. Go deimhin, tá chuile dhuine sa tír de dhíth ón teanga chun taitneamh a bhaint aisti agus chun éirí gafa léi, idir bhaill de phobail nua agus bhaill de phobail sheanbhunaithe araon, agus tá Conradh na Gaeilge cíocrach chun é sin a chur ina luí ar na Nua-Éireannaigh.”

Seolfaidh Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Ardú Feasachta Chonradh na Gaeilge, an feachtas Dé Céadaoin (26 Lúnasa 2015) nuair a thugann sé bunús na gcéadchainteanna ar thábhacht na Gaeilge agus ar an ról atá ag an teanga ag cabhrú le pobail Nua-Éireannacha imeascadh le sochaí na hÉireann, agus deir sé:

 

“Is iontach an rud é go bhfuil sochaí ilchultúrtha, ilteangach, ilchineálach againn in Éirinn na linne seo, agus is seoid luachmhar chultúir í an Ghaeilge, seoid ar féidir a roinnt le hachan duine. Cuirfidh Conradh na Gaeilge tús leis an fheachtas feasachta ar an ilchineálacht is déanaí s’againn le caint do ghrúpa ón Churdastáin in Ionad Acmhainní Teaghlaigh Bhréifne i gCora Droma Rúisc, Co. Liatroma ar 2.00in inniu, agus fearann muid fáilte roimh chách freastal uirthi!”

Tá tacaíocht chun imeachtaí Gaeilge a chur chun cinn go háitiúil á tairiscint ag Conradh na Gaeilge do phobail Nua-Éireannacha eile ar fud na hÉireann, agus tá an eagraíocht ag iarraidh ar ghrúpaí ar mhaith leo caint a eagrú sa cheantar s’acu féin amach anseo teagmháil a dhéanamh leo trí Sheán Ó Murchadha ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., ar 086 3352220 ó dheas, nó ar 07548 393 601 ó thuaidh.

Leanann Ó Murchadha:

 

“Tá sí mar aidhm ag Conradh na Gaeilge gach tacaíocht a chur ar fáil do phobail áitiúla chun íomhá dhearfach den teanga a chothú i measc gach áitritheora dá gcuid, agus tá muid tar éis bualadh le Grúpa Tacaíochta na bPobal Eitneach san Ómaigh chun caint a eagrú leo an fómhar seo cheana féin. Is cuid ríthábhachtach í an Ghaeilge de na míreanna mearaí do phobail Nua-Éireannacha ag iarraidh dul i ngleic le tírdhreach cultúrtha na hÉireann, agus mar gheall air seo, a mhéid agus a thuigeann siad faoin teanga, is fearr agus is fusa a bheidh sé orthu imeascadh le sochaí a bhfuil rian chomh mór sin fágtha ag an Ghaeilge air, agus páirt a ghlacadh sa sochaí céanna.”

Tá an feachtas feasachta ar an ilchineálacht de chuid Chonradh na Gaeilge dírithe ar labhairt le pobail Nua-Éireannacha i dtaca le stair agus forás na teanga; áit na Gaeilge in Eoraip na linne seo; an bhrí bharrúil agus neamhghnách a bhaineann le logainmneacha agus le sloinnte áirithe i nGaeilge; deiseanna fostaíochta le Gaeilge; cé hiad na buntáistí a bhaineann le hoideachas dátheangach do pháistí ó gach cúlra cultúrtha; an tionchar a imríonn an Ghaeilge ar Bhéarla na hÉireann; agus conas is féidir le Nua-Éireannaigh in Éirinn éirí gafa leis an nGaeilge sa phobal in Éirinn trí leithéidí Sheachtain na Gaeilge, chiorcail chomhrá Is Leor Beirt, Rith 2016, agus go leor eile.

 

 

TUILLEADH EOLAIS:

 

Seán Ó Murchadha

Feidhmeannach Ardú Feasachta, Conradh na Gaeilge

00353 (0)86 3352220 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 0044 (0)48 30257812 | 0044 (0)7548 393 601

 

Brenda Ní Ghairbhí

Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Ardú Feasachta, Conradh na Gaeilge             

00353 (0)86 3649776 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. | 00353 (0)1 4757401

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.