"Is iad na paistí todhchaí na Gaeilge agus Gaeltachta"- Cóilín Ó Cearbhaill

Reáchtálfar seimineár faoi na dúshláin agus na riachtanais a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di oíche Dé hAoine (3ú Iúil) in Óstán Loch Altan i nGort a Choirce mar chuid de Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge i mbliana. I measc na gcainteoirí beidh: Cóilín Ó Cearbhaill ó Bhaile Átha Cliath, athair beirt pháistí, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, agus léiritheoir teilifíse; Noelle Uí Dhubhchoin, máthair triúir clainne ó Ghaeltacht Chloich Cheann Fhaola; Seán Ó Daimhín, athair beirt iníonacha, baill ghníomhach den Chonartha ón tSráth Bán, atá ag ullmhú plean teanga don chontae mar chuid dá ról mar oifigeach Forbartha Gaeilge le Comhairle Contae Dhún na nGall; agus Bríd Ní Chualáin, máthair triúr clainne gurb as Inis Oírr di, bunaitheoir an chomhlacht Feicim, agus atá ag obair ar thograí pleanála teanga le nÚdarás na Gaeltachta faoi láthair. Is é Niall Comer ón Iúr, athair beirt iníonacha, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, Uachtarán Chomhaltas Uladh, agus leachtóir sa Gaeilge in Ollscoil Uladh a bhéas i mbun cathaoirleachta.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá sé riachtanach dúinn mar phobal Gaeilge agus Gaeltachta éisteacht agus foghlaim óna chéile agus muid ag dul i ngleic le dúshláin an todhchaí- is iad na paistí todhchaí na Gaeilge agus Gaeltachta, agus má éiríonn linn na fraobhacha folláine seo a neartú, is ag fás a bheimid mar phobal láidir bríomhar féin-mhuiníneach. Tá mé ag súil go mór leis an gcomhrá spreagúil sainiúil seo.”

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta: “Tá difríochtaí suntasacha idir tógáil paistí i nGaeltacht an lae inné agus i nGaeltacht an lae inniu, idir tógail clainne taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht- is beag teagmháil a bhíonn idir cuid mhaith de na sainghrúpaí éagsúla sin toisc iad a bheith chomh gafa le cúrsaí oibre, agus ar ndóigh leis an tuismitheoireacht! Ba mhaith leis an gConradh daoine ó na grúpaí seo ar fad a tharraingt le chéile Dé hAoine chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na riachtanais a bhaineann le tógáil páistí le Gaeilge sa 21ú aois, agus na ceachtanna atá foghlamtha a úsáid don córas pleanála teanga amach anseo.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge