Comhionannas bunaithe ar dea-chleachtas de dhíth: Comhdháil ar chur chuige dátheangach sna hOllchomhairlí nua ó thuaidh inné in Ard Mhacha

Bhí comhdháil dírithe ar chur chuige dátheangach sna hOllchomhairlí nua inné in Óstán Chathair Ard Mhacha, 25ú Márta 2015. Labhair beirt Áirí Rialtais ó thuaidh, an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR agus an tAire Timpeallachta, Mark H Durkan CTR go maith agus go láidir ar son na Gaeilge. Luaigh an tAire Ní Chuilín go mbaineann dualgais na rialtas áitiúil le dualgas reachtúil a thagann ón Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha, agus bhrúigh sí an mana s’aici i leith na ceiste seo go mór chun tosaigh ar a lucht éisteachta inniu; “To Implement the charter is to implement equality” a dúirt sí. Chuir an tAire Durkan leis an tacaíocht seo ar son na Gaeilge, agus mhaígh sé gur chóir go mbeadh an 11 ceantair chomhairle nua ag freastal ar na pobail éagsúla Gaeilge a mhaireann laistigh de na ceantair sin. Labhair Daniel Holder ón Choiste um Riaradh an Cheartais ar chur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí agus dúirt sé nach bhfuil an ceart ag daoine a mhaíomh go bhfuil ionsaí a dhéanamh orthu má thugtar chomhionannas don Ghaeilge taobh leis an Bhéarla. Thug Seán Ó Coinn, leas-phríomhfheidhmeannach le Foras na Gaeilge caint ar an dea-chleachtas ar féidir a úsáid sna comhairlí nua seo, agus luaigh sé go bhfuil ionadaithe sinsearacha ón Fhoras i ndiaidh sraith cruinnithe a reáchtáil le hionadaithe ó ard-bhainistíocht na rialtas áitiúil le ról na Gaeilge a phlé. Sheol Foras na Gaeilge cáipéis ar an cheist seo inniu, agus ag teacht leis sin, dúirt Ó Coinn: “Ba mhian linn iad uilig [na comhairlí nua] polasaithe bheith acu i leith na Gaeilge, agus straitéis bheith acu leis na polasaithe sin a chur i bhfeidhm. Tá an t-eolas seo maidir le cur i bhfeidhm an dátheangachais sa rialtas áitiúil clúdaithe sa cháipéis seo atá eisithe ag Foras na Gaeilge ag an Chomhdháil seo inniu”. Bhí plé ann fosta ó bheirt ó Menter Iaith sa Bhreatain Bheag, Elin Maher agus Emily Cole, a rinne cur síos ar ról éifeachtach an dátheangachais sna comhairlí ansin. Críochnaíodh an chomhdháil le caint ó Éamon Ó Cuív TD ar an taithí atá aige féin i leith na rialtas áitiúil ó dheas bunaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas.


Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
‘Molaim agus tacaím go mór leis na cainteanna a tugadh ag an Chomhdháil in Ard Mhacha inné. Is pointe fíor-thábhachtach é an dea-chleachtas idirnáisiúnta, agus léirigh an chomhdháil seo go bhfuil go leor gur féidir a fhoghlaim ó thaithí agus cur chuige na n-údarás éagsúil. Is fiú cuimhneamh go mbaineann cearta teanga go príomha leis an saoránach agus go bhfuil dualgas ag na húdaráis freastal ar ghach saoránach go héifeachtach. Creidim gur éirigh leis an chomhdháil an cheist seo a chur ar chlár na n-údarás áitiúil, chomh maith leis na páirtithe polaitíochta, ó thuaidh

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga & Ionadaíochta le Conradh naGaeilge:
‘Léiríonn na cainteanna anseo inné go bhfuil seasamh ag na hargóintí seo i reachtaíocht de chuid na hEorpa, mar atá sa Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Reigiúnda. Is é cur i bhfeidhm éifeachtach straitéiseach na Cairte sin atá uainn. Tá dualgas ar na rialtais áitiúla ní amháin freastal ar an Ghaeilge, agus ar phobal a labhartha, mar mhiontheanga agus mar mhionphobal laistigh de na ceantair comhairlí ar fad ó thuaidh. Níl anseo ach an chéad chéim, beidh muid ag tógáil air seo go mór san am seo atá romhainn amach.’

Tá tuilleadh sonraí mar aon le grianghraif ón chomhdháil ar fáil ach ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge