Skip to main content

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht a d’fhógair Leas-Chathaoirleach an Chomhfhochoiste um an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030, An Seanadóir Labhrás Ó Murchú, inné, Dé Máirt, 27ú Eanáir 2015 ar Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Táimid an-sásta leis an moladh go mbeadh Gaeilge ar chumas 10% do na státseirbhísí i ngach roinn , an moladh go bhfoilseofaí cáipéisí oifigiúla go dátheangach in aon cháipéis amháin, leis an nGaeilge agus an Béarla taobh le taobh, an moladh gur chóir  cur go mór le feiceálacht na Gaeilge ar áiseanna ar-líne agus meáin shóisialta an Stáit, agus go leor de na moltaí eile i dtuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht.

Is cinnte go láidreodh na moltaí seo Bille na dTeangacha Oifigiúla 2015 (leasú) agus go gcinnteodh siad seirbhís níos fearr do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá an Conradh ag tacú leis na molaí déanta ag an gComhchoiste ach síleann muid go bhfuil roinnt beartais ríthábhachtach fágtha ar lár sna moltaí seo agus sa bhille féin go fóill. Mar shampla, táimid ag moladh go láidir gur chóir go nglacfaí le deá-chleachtas na Breataine Bige, agus go mbeadh ar gach Aire aon pholasaí nó Bille nua a chur os comhair an Choimisinéara Teanga le cinntiú nach ndéanfaidh siad dochair don teanga agus le moltaí feabhais a fháil maidir leis an tionchar a bheidh acu ar an teanga sula théann siad ar aghaidh leis an bpolasaí nó an Bille. Ba chóir go mbeadh ainm gach comhlacht poiblí nua atá le teacht ar an bhfód as Gaeilge agus úsáide go poiblí as Gaeilge. Chuirfeadh sé seo le stádas na Gaeilge gan costas ar bith sa bhreis. Chomh maith leis sin ar fad ba chóir deireadh a chur le córas na scéimeanna teanga sna ranna stáit agus comhlachtaí poiblí, nach bhfuil ag feidhmiú i gceart ón tús, agus córas caighdeáin a chur ar bun ar nós atá tosaithe sa Bhreatain Bheag le réimse agus an líon na seirbhísí gur féidir le saoránach a bheith ag súil leis ón Stát a chinntiú.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.