Slógadh frith-chiníoch ag Stormont inniu

Tháinig na céadta Gaeil, idir óg agus aosta, amach inniu, in ainneoin na drochaimsire, le seasamh láidir a ghlacadh in éadan ciníochais agus ar son an chomhionannais agus na héagsúlachta. D’eagraigh Gaeil aonaracha agus eagraíochtaí éagsúla an slógadh seo faoi bhrat An Tionól Dearg chun aird na bpolaiteoirí agus an phobail araon a dhíriú ar cheist na Gaeilge agus mar ráiteas in aghaidh an chiníochais sa pholaitíocht ar lá Idirnáisiúnta na gCearta Daonna ag na Náisiúin Aontaithe.

 

Arsa Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, a bhí ina measc siúd a d’eagraigh an Slógadh:

 

“Léiríonn an slua a tháinig amach anseo inniu beocht agus tiomántas phobal na Gaeilge agus ár n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur i lár an aonaigh arís ag leibhéal polaitiúil, go háirithe agus na cainteanna tras-pháirtí ag dul ar aghaidh faoi láthair. Ba mhian linn, mar phobal, feasacht fán Ghaeilge a ardú agus ceist na Gaeilge a chur i réimse cheist na gcearta daonna i gcoitinne.

 

Táimid thar a bheith sásta gur tháinig ionadaithe ó ghrúpaí mionlach eile amach le tacú linn inniu agus bhí sé tábhachtach dúinn seasamh a ghlacadh ar an lá seo, lá idirnáisiúnta na gcearta daonna agus dár ndóigh, súil amháin againn ar na cainteanna atá faoi lán seoil faoi láthair. Tá an chumhacht ag na polaiteoirí todhchaí níos fearr a chinntiú don Ghaeilge agus seasamh in aghaidh ciníochais de gach sórt, éilíonn muid orthu, agus go háirithe ar rialtas na Breataine, an rud ceart a dhéanamh.

 

Arsa Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge:

 

“Ní mór moladh a dhéanamh leis na daoine, daoine óga go háirithe, a d’eagraigh an slógadh tábhachtach seo. Tá guth láidir de dhíth ar phobal na Gaeilge lenár gcearta a éileamh agus a bhaint amach agus is iad an slua inniu a bhéarfaidh an guth sin dúinn.

Níl sé sásúil, sa lá atá inniu ann, go dtig le polaiteoirí ionsaithe maslacha a dhéanamh ar theanga dúchais na tíre seo agus ar a lucht labhartha. Is féidir, áfach, trí chearta na nGael a chosaint le reachtaíocht, cinntiú go bhfágann muid a leithéid de naimhdeas sa stair. Is sochaí fhorásach, ilchúltúir, éagsúil atá de dhíth orainn agus creidimid go bhfuil tromlach an phobail, idir Béarlóirí agus Gaeilgeoirí, ag iarraidh an rud céanna.”

 

Críoch

 

Le haghaidh tuilleadh eolais

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

Conradh na Gaeilge

+44 (0)7545293841

 

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an Chonradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol an oileáinagus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú.

Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin.

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge