Go Leor Leor Le Cur Ina Cheart San Acht Teanga

Déanfaidh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge cur i láthair leis an bhFochoiste Oireachtais um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus Rudaí Gaolmhara maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 tráthnóna inniu, Dé Máirt, 27 Bealtaine 2014, ar na laigí agus ar na heasnaimh ar fad leis na ceannteidil Billí atá molta ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus cuirfidh siad moltaí ciallmhara go bhfuil géarghá leo agus a dhéanfadh freastail ceart ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta os a gcomhair.

Reáchtáil An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí na Samhna 2011, agus ghnóthaigh an t-athbhreithniú 1,466 freagra ar an suirbhé móide 262 aighneacht ón bpobal agus na céadta moladh chun feabhais iontu sin. San achoimre ar na moltaí a leag an Roinn amach sa cháipéis oifigiúil de thorthaí an athbhreithnithe, foilsithe i mí Aibreáin 2014 ní raibh ach 60 moladh san áireamh agus sna ceannteidil anois os comhair an chomhchoiste Dála níl ach 2-4 moladh go bhfuil an fhéidearthacht go mbeidh aon fiúntas leo má tá an fhoclaíocht ceart leo sa Bhille a fhoilseofar go luath.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is scannalach an scéal é go bhfuil an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag iarraidh gothaí a chur orthu féin gur éist siad le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair nach bhfuil ach uasmhéid de cheithre mholadh ón athbhreithniú san áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a bhféadfadh maitheas ar bith a bheith leo don teanga.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“I measc na moltaí a bhféadfadh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a láidriú ach atá in uireasa, áirítear easpa spriocdháta go mbeadh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí ach an oiread. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030, mar shampla.”

Chomh maith leis na heasnaimh sin ar fad, tá míreanna sna ceannteidil de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 a lagóidh na seirbhísí Gaeilge don phobal, cosúil leis an moladh go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa bhille nua go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an bhFochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus Rudaí Gaolmhara tacú le héilimh an Chonartha agus phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile chun an reachtaíocht teanga ó dheas a láidriú, ní a lagú. Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bhFochoiste moltaí an Chonartha a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chun iad a chur san áireamh i mBille Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 sula bhfoilsítear é. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 6546673

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 27 Bealtaine 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Creideann Conradh na Gaeilge gur chóir don Rialtas ó dheas na nithe seo a leanas go háirithe a áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2014 má tá siad dáiríre faoin reachtaíocht a chosnaíonn cearta daonna bunúsacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a láidriú, ní a lagú:

  • Ba chóir go mbeadh sé mar fhoráil san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile;
  • Ba chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, a chur in áit córas na scéimeanna nach bhfuil ag feidhmiú i gceart le roinnt blianta anuas;
  • Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030; agus
  • Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann). Moltar go leasófar an reachtaíocht sa chaoi is go mbeidh ar a laghad 30% d’fhostaithe nua sa státseirbhís fostaithe don chéad 10 mbliana eile a bheidh in ann cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal (dá ndéanfaí an beart seo bheadh ciorrú ar an gcaiteachas ar sheirbhísí aistriúcháin chomh maith).

*BILLE NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA (LEASÚ) 2014 - MOLTAÍ CHONRADH NA GAEILGE

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge