Skip to main content

Más Mall Is Mithid - Éisteann an Rialtas leis an bPobal Ar Deireadh, Ach Go Leor Fós Le Déanamh leis an Acht Teanga A Láidriú

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh chinneadh an Rialtais inniu (Dé hAoine, 4 Aibreán 2014) gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman, mar a bhí beartaithe acu a dhéanamh le breis agus dhá bhliain anuas. Is léir go ndeachaigh tuairim phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i bhfeidhm ar an Rialtas ar deireadh, tuairim a cuireadh in iúl don Rialtas go láidir san athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ag imeachtaí cosúil le Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014 ar a fhreastail 10,000, agus Slán Le Seán a ghlac 1,000 duine páirt ann i gConamara ar 24 Feabhra 2014. Tá Conradh na Gaeilge den tuairim, áfach, go bhfuil go leor leasaithe fós ag teastáil ar na cinn billí Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 agus beidh an eagraíocht ag cur moltaí an phobail chun cinn go láidir sna seachtainí os ár gcomhair.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is dea-scéal é do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta inniu go bhfuil an Rialtas tar éis éisteacht linn ar deireadh agus cinneadh a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil mar eintiteas iomlán neamhspleách agus gan dul ar aghaidh leis an gcónascadh a bhí beartaithe le hOifig an Ombudsman. Tá ardmholadh ag dul do gach duine a sheas le hOifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách le dhá bhliain anuas.”

Creideann Conradh na Gaeilge, áfach, gur chóir don Rialtas ó dheas na nithe seo a leanas agus eile a áireamh i mBille na dTeangacha Oifigiúla 2014 má tá siad dáiríre faoin reachtaíocht a chosnaíonn cearta daonna bunúsacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a láidriú, ní a lagú:

  • Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile;
  • Ba chóir go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, a chur in áit córas na scéimeanna nach bhfuil ag feidhmiú i gceart le roinnt blianta anuas;
  • Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030; agus
  • Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ba léir ón bpróiseas aighneachtaí agus suirbhéanna mar chuid den athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2012 go raibh láidriú, ní lagú, á lorg ag an bpobal ó thaobh na reachtaíochta chun a gcearta teanga a chosaint de. Níl dáta leagtha amach i gCeannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, mar shampla, go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúla ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030."

Chomh maith leis na heasnaimh sin ar fad, tá míreanna sna cinn billí d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2014 a lagóidh na seirbhísí Gaeilge don phobal, cosúil leis an moladh go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sna cinn billí go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Beidh Conradh na Gaeilge ag stocaireacht go láidir ar an Rialtas agus ar an gComhchoiste um Chomhshaol, Cultúr, agus an Ghaeltacht sna seachtainí os ár gcomhair le Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 a láidriú, ní a lagú. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Cóilín Ó Cearbhaill,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8599067 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 04 Aibreán 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.