Skip to main content

Cúngú & Cúlú Cáinte ag Conradh na Gaeilge

Níos mó spéise ag an Rialtas i moltaí claonta an státchórais a lagóidh Acht na dTeangacha Oifigiúla in ionad é a láidriú agus a bhainfidh ó ról an Choimisinéara Teanga

Agus dréacht de chinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2014 feicthe ag Conradh na Gaeilge, tá gach cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas ag déanamh neamhairde de na moltaí a tháinig chun cinn ón bpobal i rith an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i mí Eanáir 2012.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ar dtús is gá a rá go gcuireann sé iontas ar Chonradh na Gaeilge gur thóg sé dhá bhliain ar an Rialtas dréacht chinn bhille chomh lag, lochtach, díomách a dhréachtú más fíor don dréacht chinn bhille atá feicthe ag Conradh na Gaeilge. Ní thógann siad mianta phobal na Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh in aon chor. Níl ann ach cúngú agus cúlú agus níos lú seirbhísí Gaeilge don phobal. Bímid soiléir faoi seo, gur léiriú eile é seo ar an easpa tosaíochta atá ag an Rialtas agus ag an stát chóras reatha ó dheas do chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Creideann Conradh na Gaeilge go mbeadh sé scannalach go síneofaí na tréimhsí 3 bliana do na scéimeanna teanga go 7 mbliana. Ó thosaigh córas na scéimeanna, tá siad lag agus an rud a chuir an Rialtas in iúl i gcónaí ná go n-éireodh siad níos láidre gach trí bliana. Tá molta sa dréacht chinn bhille go síneofaí an tréimhse go 7 mbliana, rud a ligfeadh do na ranna Rialtais éagsúla a ndualgas a sheachaint. B’fhearr i bhfad fáil réidh le córas na scéimeanna agus córas nua a fhorbairt le caighdeáin bunaithe ar rialacháin reachtúla, cosúil leis Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008, nó an córas caighdeáin atá bunaithe acu sa Bhreatain Bheag a úsáid.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Más fíor do na leasuithe seo atá molta sa dréacht chinn bhille, beidh sé soiléir nár éist an Rialtas leis an bpobal i rith an athbhreithnithe dhá bhliain ó shin, ná leis an 10,000 duine a bhí i láthair ag Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014. Mar shampla, níl dáta leagtha amach sa dréacht chinn bhille go mbeidh gach seirbhís á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeltachta gan ceist, gan coinníoll. Níl aon spriocanna sásúil ann maidir le hearcaíocht san earnáil phoiblí. Níl ról monatóireachta tugtha d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Agus níos measa ná sin ar fad, bheadh an Rialtas ag cur dea-oibre agus neamhspleáchais Oifig an Choimisinéara Teanga i mbaol  dá mbeadh an oifig curtha faoi Oifig an Ombudsman. Tá an baol ann chomh maith go gcosnóidh an cinneadh seo airgead ar an Stát, mar a d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil ar 24 Samhain 2011."

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas athmhachnamh a dhéanamh ar na dréacht chinn bhille láithreach, agus i measc na moltaí atá ag an eagras leis an mbille a láidriú tá na moltaí seo a leanas:

  • Oifig an Choimisinéara Teanga a fhágáil neamhspleách faoi na socruithe reatha
  • Ba chóir go mbeadh sé mar chuid de rialacháin nua san Acht  go mbeidh, faoi dheireadh 2016, gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge agus na seirbhísí sin a bheith ar comhchaighdeán leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil trí Bhéarla in áiteanna eile
  • Ba chóir go mbeadh rialacháin ann go mbeidh líon áirithe daoine i ngach comhlacht poiblí in ann seirbhís a chur ar fail trí Ghaeilge (ní gá go mbeadh Gaeilge ag gach fostaí nua, ach ba chóir go mbeadh céatadán den fhoireann le Gaeilge ann)
  • Go bhforbrófaí córas nua le caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla, ar nós Na Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (ALT 9) 2008
  • Sa chás go gceapann nó go n-údaraíonn comhlacht poiblí cuideachta phríobháideach nó gníomhaireacht de chineál ar bith eile le feidhmiú thar a cheann agus é ag déileáil leis an bpobal ba chóir go mbeadh na dualgais chéanna acu is atá ag an gcomhlacht poiblí le seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge don fheidhm a cheapfar iad a chur i gcrích ar son an chomhlachta phoiblí
  • Ba chóir ról monatóireachta a thabhairt d’Oifig an Choimisinéara Teanga ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030

TUILLEADH EOLAIS:

Cóilín Ó Cearbhaill,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8599067 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 05 Márta 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.