Skip to main content

Abair Le Cara Go Bhfuil Lascainí Ar Rúin Athbhliana Le Cúrsaí Chonradh na Gaeilge!

Má tá an dea-rún le freastal ar an spórtlann gach maidin tite faoi shlí cheana féin, nó má tá foghlaim an thrombóin ábhairín ró-uaillmhianach duit mar Rún hAthbhliana i 2014, céard faoi snas a chur ar do scileanna teanga le cúrsaí Gaeilge Chonradh na Gaeilge an t-earrach seo?

Tá clú ar Chonradh na Gaeilge as an teanga a theagasc d'fhoghlaimeoirí fásta ó bhunú an eagrais in 1893 agus tá an praghas is fearr sa phríomhchathair á thairiscint ar chúrsaí Gaeilge a chuirtear in áirithint trí www.cnag.ie/courses arís i mbliana. Ní chosnaíonn cúrsa 10-seachtaine ach €180 do 20 uair theagaisc, fad agus atá ráta lascaine de €160 ar fáil d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean, do dhaoine dífhostaithe, agus do chara leat má mholann tú dóibh an cód lascaine CARA a úsáid chun cúrsa a chur in áirithint le Conradh na Gaeilge.

Cuirfear tús le téarma 10-seachtaine na ranganna oíche i 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, oíche Mháirt, 28 Eanáir 2014, ó 7.00 – 9.00in. Rang dhá uair a chloig oíche amháin in aghaidh na seachtaine atá i gceist agus tá rogha idir 9 leibhéal éagsúla ar fáil oíche Mháirt, Chéadaoin nó Déardaoin i gConradh na Gaeilge, le béim ar labhairt agus ar chomhrá i nGaeilge ag gach leibhéal.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Comheagraí Cúrsaí Chonradh na Gaeilge:

"Ó scoláirí Ardteiste ag iarraidh muinín labhartha a bhaint amach sa Ghaeilge faoi mhí Aibreáin, go tuismitheoirí le páistí sa Ghaelscoil ag iarraidh cúpla focal a chleachtadh sa bhaile, is iomaí duine a shocraíonn ar a gcuid scileanna teanga a fheabhsú gach Eanáir. Breis agus 120 bliain i ndiaidh bhunú Chonradh na Gaeilge, tá foghlaim na teanga fós ina rún Athbhliana coitianta do dhaoine fud fad na tíre agus is iontach an bealach duit iad ár gcúrsaí le tús rathúil a chur le 2014!"

Cloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge agus freastalaíonn na ranganna oíche ar gach leibhéal foghlaimeora, ach tá réimse leathan de chúrsaí eile á ofráil i 6 Sráid Fhearchair i gcaitheamh an téarma chomh maith. Cuirfear tús le cúrsa 10-seachtaine eile ag ullmhú scoláirí sa 5ú nó sa 6ú Bliain don scrúdú cainte Ardteiste tráthnóna Mháirt, 29 Eanáir 2014, ó 5.00 - 6.30in agus tá rogha de dhianchúrsaí lae á reáchtáil le hiarrthóirí don iarchéim bhhunmhúinteoireachta a ullmhú don agallamh Gaeilge, dar tús 26 Aibreán 2014.

Níl ach €140 agus €100 faoi seach ar na cúrsaí seo le Conradh na Gaeilge, áit a dtugtar treoir agus deis chleachta do rannpháirtithe chun a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú trí obair i ngrúpaí agus ról-imirt, chomh maith le bileoga eolais, plé ar na botúin is coitianta, bréagallamh le haiseolas pearsanta agus béim ar na hábhair chuí, téarmaí úsáideacha, foghraíocht agus scileanna agallaimh san áireamh.

Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag www.cnag.ie nó déan teagmháil le Máire Ní Dhuiginn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil. Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh, Inis, Luimneach, Maigh Eo agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. CRÍOCH

BREIS EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí,
Comheagraí Cúrsaí, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 3649776

Máire Ní Dhuiginn,
Fáilteoir, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 22 Eanáir 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is córas scrúdaithe é Teastas Eorpach na Gaeilge (teg) d’fhoghlaimeoirí fásta Gaeilge. Tá baint aige leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (Comhairle na hEorpa, 2001). Scrúdaítear na ceithre scil: Labhairt, Cluastuiscint, Léamhthuiscint agus Scríbhneoireacht. Tá na scrúduithe ar fáil faoi láthair ag cúig leibhéal ó Bhonnleibhéal 1 (A1) go hArdleibhéal 1 (C1). Beidh scrúdú ar fáil ag Ardleibhéal 2 (C2) amach anseo. www.teg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.