Fáiltíonn Conradh na Gaeilge & Comhaltas Uladh Roimh Mholadh na hEorpa Go nÚsáidfí An Ghaeilge I gCúirteanna Thuaisceart Éireann

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh roimh thuairisc Chomhairle na hEorpa a nótálann nach féidir leis an Rialtas ó thuaidh údar a thabhairt don chosc ar úsáid na Gaeilge atá i bhfeidhm sna cúirteanna, agus iarrann ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann reachtaíocht a achtú chun cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae a chosaint mar ábhar ollphráinne.

Athbhreithniú ar mhionteangacha sa Ríocht Aontaithe atá sa tuairisc, arna foilsiú ag Comhairle na hEorpa inniu (Déardaoin, 16 Eanáir 2014), áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas, rud atá tar éis “treampán a chur ar fheidhmiú tráthúil, éifeachtach” Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh ar fud na Ríochta Aontaithe.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge:

"Fáiltíonn Comhaltas Uladh agus Conradh na Gaeilge roimh thacaíocht Chomhairle na hEorpa i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann, ar chomharthaí sráide dátheangacha ó thuaidh, agus ag ceadú do dhaoine trialacha saoránachta a ghlacadh trí Ghaeilge sna Sé Chontae, agus impíonn muid ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann gníomhú láithreach leis an scéal a chur ina cheart."

"In uireasa chomhdhearcadh polaitíochta i leith na Gaeilge, agus i bhfianaise "atmaisféar naimhdeach leanúnach" Fheidhmeannas Stormont mar a nótáladh i dtuairisc Chomhairle na hEorpa, tá bac curtha le fada an lá ar Acht Gaeilge atá riachtanach chun cearta cainteoirí Gaeilge ar an oileán seo a chosaint."

I ndiaidh moilleanna agus iarrachtaí bac a chur le hiarratais ar ainmneacha sráide dátheangacha, leagann tuairisc Chomhairle na hEorpa béim ar an fhéidearthacht gur sáraíodh Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh, agus nótálann gur iomaí constaic atá ag cur bac ar sholáthar dóthanach de naíonraí Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Éilíonn an tuairisc go nglacfaí céimeanna cinnte chun tosaigh le freastal ar an fhás san éileamh ar bhunoideachas trí Ghaeilge, go ndéanfaí bearta chun aistriúchán comhuaineach a cheadú san Fheidhmeannas, agus go gcuirfí deireadh leis an chosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

"Sna sála ar oscailt an ionaid lánGhaeilge in oirthear dílseach Bhéal Feirste chun freastal ar an méadú i líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge Protastúnacha le déanaí, agus ag tógáil ar an rath atá bainte amach ag an bhfeachtas Líofa chun daoine ó gach pobal i dTuaisceart Éireann a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, is léiriú tráthúil é foilseacháin na tuairisce seo de chuid Chomhairle na hEorpa go bhfuil spás ann le tacaíocht thrasphobail a chothú i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge, más ann don dea-thoil pholaitíochta chuige."

Tá Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh ag impí ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann aisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 - a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte - agus chun cur chun cinn na Gaeilge a chur roimh an pholaitíocht le cearta teanga agus comhionannas a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Niall Comer,
Uachtarán, Comhaltas Uladh
+44 (0)78 15319573 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 14 Eanáir 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Comhaltas Uladh a thugtar ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gCo. Lú.  Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud an limistéir sin. Is é príomhchuspóir an eagrais an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh. Eagraíonn Comhaltas Uladh craobhacha, feiseanna, comórtais i labhairt na Gaeilge i measc daltaí scoile. Cuidíonn sé le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae, agus déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin. Bíonn scoileanna samhraidh á reáchtáil i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt agus tugann Comhaltas deontas ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain.

Comhairle na hEorpa ar an eagraíocht chearta daonna is mó de chuid na Mór-Roinne. Áirítear 47 mballstát inti, 28 gcinn acu siúd atá ina mballstáit den Aontas Eorpach. Tá gach ballstát de chuid Chomhairle na hEorpa cláraithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, conradh ceaptha le cearta daonna, daonlathas agus forlámhas an dlí a chosaint. www.coe.int

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge