Skip to main content

Buille tubaisteach don Ghaeilge - géarchéim léirithe ag an gCoimisinéir Teanga in obair an Rialtais i leith na Gaeilge

Tá géarchéim i ndiaidh teacht chun cinn inniu, Dé Céadaoin, 4 Nollaig 2013, agus Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, i ndiaidh a chur in iúl don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha go bhfuil sé ag éirí as. I measc na cúiseanna a luaigh An Coimisinéir Teanga as a chinneadh seasamh siar, rinne sé tagairt d’easpa cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach nua atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá. Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011. Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin.”

Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, cinneadh a rinneadh i ngan fhios don Choimisinéir Teanga agus don Ombudsman ag an am.

D’fhógair an Rialtas go gcuirfí deireadh leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chomh maith, ach de réir ráiteas an Choimisinéara Teanga i dTithe an Oireachtais inniu, léiríonn taighde ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua atá beartaithe ag an Rialtas a chur ina áit thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3% - dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá muinín phobal na Gaeilge agus Gaeltacht ag an gCoimisinéir Teanga. Tá obair den scoth déanta aige agus ag a oifig le breis agus 9 mbliana anuas agus is buille tubaisteach é don Ghaeilge go mbeidh sé ag éirí as. In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach sa dhá bhliain eile dá chonradh atá fágtha, impíonn Conradh na Gaeilge air athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh seasamh siar ó chreideann muid go láidir gur chun cúil ar fad a rachaidh an troid ar son chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in uireasa Sheáin Uí Chuirreáin.”

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga inniu, mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll. Aontaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le ráiteas an Choimisinéara Teanga nach féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit, agus creideann go gcaithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.

Arsa de Spáinn:

“Tá géarchéim ann agus is gá tabhairt faoin ngéarchéim sin go práinneach. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas éisteacht le gach pointe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga don Chomhchoiste Oireachtais inniu agus tabhairt faoi na fadhbanna a réiteach láithreach i bpáirt leis an gCoimisnéir agus leis an bpobal.” CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 4 Nollaig 2013
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.