Tá deis ag daltaí i scoileanna ar fud hÉireann páirt a ghlacadh i mórchomórtas deireanach Bhliain na Gaeilge 2013 an geimhreadh seo! Ní gá don rang ach ceann amháin de na hamhráin ón albam Rí-Rá Le Hector 2013 a roghnú agus a thaifead le páirt a ghlacadh. Buíochas le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) agus ó Fhoras na Gaeilge, tá duaiseanna iontacha le baint amach le cochall Bhliain na Gaeilge ag dul do gach duine sa rang i 3 chatagóir éagsúla.
Roghnaigh amhrán ó albam Raidió Rí-Rá na bliain seo agus cabhraigh leis na daltaí na focail a fhoghlaim. Déan taifeadadh ar an amhrán le fón póca, innill taifid fuaime, físcheamara nó eile agus seol an t-amhrán chuig
Go n-éirí go geal le gach duine!
Spriocdháta: 6 Nollaig 2013.
Foirmeacha iontrála: www.gaeilge2013.ie/cms