Skip to main content

Ó Bhéising go Béal Feirste Le Comhrá 24/7 Gan Stad, An Churiarracht Ghaeilge Is Faide Ar Domhan!

Beidh Gaeilgeoirí ó cheithre airde na hÉireann á nascadh le lucht labhartha na teanga in áiteanna chomh fada i gcéin le Béising na Síne, Sydney na hAstráile, California sna Stáit Aontaithe, Glaschú san Alban agus Sheffield i Sasana mar chuid den churiarracht domhanda Comhrá 24/7, an comhrá leanúnach Gaeilge is faide riamh atá á reáchtáil ar fud na cruinne ó 29 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair 2013!

Buíochas le TG4, le Cumann Pheil na mBan agus le Coiste Gaeilge an Chumainn Lúthchleas Gael, seolfar an churiarracht domhanda Comhrá 24/7 ag Cluichí Ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh i mBaile Átha Cliath ar 1.30in an Domhnach bheag seo, 29 Meán Fómhair 2013.

Arsa Julian de Spáinn, Comheagraí na curiarrachta Comhrá 24/7:

"Táimid ag súil le héacht a bhaint amach don Ghaeilge leis an gComhrá 24/7 an tseachtain seo chugainn - níor tharla a leithéid den chomhrá idirghníomhach ar-líne ar fud na cruinne gan stad ar feadh seachtaine riamh roimhe seo, agus spreagfaidh Comhrá 24/7 labhairt na Gaeilge ó Ghlaschú go Gaoth Dobhair, ó Bhéal an Mhuirthead go Béising, ‘s ó California go Carn Tóchair do Bhliain na Gaeilge!"

Agus is éachtach an obair í – craolfar Comhrá 24/7 beo ar-líne ar feadh na seachtaine ar www.gaeilge2013.ie/comhra247, agus tá breis agus 60 grúpa Gaeilge cláraithe le freagracht d’uaireanta cloig éagsúla don chomhrá Gaeilge is faide ar domhan riamh. Tá an Ghaeilge á spreagadh ag Comhrá 24/7 sna pobail áitiúla faoin tuath agus sna cathracha, sa bhaile agus thar sáile, sna scoileanna, sna clubanna spóirt, sna clubanna oíche agus sna tithe rialtais fiú!

Beidh idir Ghardaí Síochána agus pholaiteoirí thuaidh agus theas ag glacadh páirte sa churiarracht domhanda an tseachtain seo chugainn, áit a bheidh ócáid ar leith á reáchtáil ag Líofa le daltaí scoile agus leis an Aire Ealaíon, Cultúir agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR, i Stormont Dé Luain (30 Meán Fómhair 2013), agus cur i láthair speisialta den Chomhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht ar siúl trí Ghaeilge le Teachtaí Dála agus Seanadóirí i dTithe an Oireachtais Déardaoin (3 Deireadh Fómhair 2013).

Is iad na Cumainn Ghaelacha tríú leibhéal atá ag glacadh freagrachta as an gcraoladh istoíche ó Luan go Déardaoin, fad agus a bheidh Comhrá 24/7 á chraoladh beo ó Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath oíche Aoine agus ar an gcairtstáisiún Raidió Rí-Rá ar www.rrr.ie oíche Shathairn. Cuirfear críoch spleodrach leis an gcuriarracht domhanda Ghaeilge ag an bhféile Cearta & Ceiliúradh i mBéal Feirste i ndiaidh meánlae Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhair 2013.

Tá gach eolas maidir le Comhrá 24/7 ar shuíomh Bhliain na Gaeilge ar www.gaeilge2013.ie agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 más mian leat páirt a ghlacadh sa churiarracht speisialta seo. Bígí Linn – Let’s Celebrate Our Language! CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn
Comheagraí Náisiúnta, Bliain na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 6546673 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 27 Meán Fómhair 2013
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

  •     Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
  •     Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
  •     Glac páirt sna comórtais – tá duaiseanna iontacha le baint amach!
  •     Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
  •     Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
  •     Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
  •     Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Tá comhordú á dhéanamh ar an gcuriarracht Comhrá 24/7 ag Conradh na Gaeilge, fóram daonlathach phobal na Gaeilge.

Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.