180+ Post Le Cruthú Ach Deireadh A Chur Le Maolú na Gaeilge San Aontas Eorpach

Agus fochoiste an Rialtais ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 ag cruinniú i mí Eanáir 2014, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach gan fad a chur leis an maolú atá ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis 01 Eanáir 2017 agus dá réir, 180+ post a chruthú gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann.

In ainneoin gur aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ar 1 Eanáir 2007, cuireadh maolú ar an stádas sin ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí 2012, agus arís go dtí 1 Eanáir 2017, ionas nach mbeadh gá na cáipéisí ar fad a aistrítear go gach teanga oifigiúla eile, a aistriú go Gaeilge.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan, agus is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta is gá a reáchtáil idir seo agus 2017 le riaradh i gceart. Tá poist á líonadh ag an Aontas Eorpach faoi láthair - 10 bpost do dhlítheangeolaithe le Gaeilge i 2014 ina measc – agus chuirfí 180+ post le Gaeilge ar ardluach ar fáil idir seo agus 2017 dá gcuirfí deireadh leis an maolú ar stádas na teanga, gan aon chostas breise ar Rialtas na hÉireann."

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

"Glacadh leis an Máltais mar theanga oifigiúil i 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de thrí bliana. Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an Fhraincis a thabhairt leo agus iad ag obair thall, ós rud é go bhfuil an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga, agus d’fhéadfaí amhlaidh a chur i gcrích don Ghaeilge."

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Rialtas na hÉireann iarraidh ar an Aontas Eorpach nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge ón 1 Eanáir 2017, agus go reáchtálfaí sraith comórtas earcaíochta do phoist bhuana agus do phoist ar chonarthaí sealadacha leis an AE sna blianta 2014, 2015, 2016 agus 2017. Chuige sin, tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go nglacfaidh an fochoiste Rialtais ar fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 cinneadh i mí Eanáir 2014 nach n-iarrfar fad a chur leis an maolú, agus go n-aontóidh siad ar phlean céimiúil a chur i bhfeidhm leis seo a bhaint amach mar ábhar práinne. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

•    Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
•    Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
•    Glac páirt sna comórtais – tá duaiseanna iontacha le baint amach!
•    Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
•    Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
•    Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
•    Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge