Skip to main content

Curiarracht Domhanda Bainte Ag Cainteoirí Gaeilge Ó Chalifornia Go Carn Tóchair

Comhrá Gaeilge 168 n-uair a chloig gan stad déanta ag grúpaí ar fud na cruinne!

Tá curiarracht domhanda bainte ag cainteoirí Gaeilge ó Chalifornia go Carn Tóchair inniu (Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhair 2013) tar éis dóibh seachtain iomlán a chaitheamh ag caint gan stad mar chuid den togra Comhrá 24/7 ó 29 Meán Fómhair – 6 Deireadh Fómhair 2013!

Míníonn Julian de Spáinn, Comhordaitheoir Bhliain na Gaeilge:

"Tá éacht ollmhór bainte amach ar son na teanga inniu mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2013 - d’éirigh le Comhrá 24/7 Gaeilgeoirí ó Scoil Sydney na hAstráile a nascadh le Comhairle Contae Chiarraí, Ionad Ealaíon Ceiltí California le Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Sheffield Sasana le Stáisiún Pobail Bhaile Átha Luain, Ollscoil Bhéising na Síne le Gaelphobal Cheantar an tSrath Báin i dTír Eoghain, Glaschú le Coláiste an Gharda Síochána i dTiobraid Árann, lucht Líofa i Stormont le Comhchoiste Oireachtais i dTeach Laighean – comhrá Gaeilge gan stad thar 168 n-uair a’chloig. Dochreidte!"

Thosaigh an comhrá leanúnach Gaeilge is faide riamh ag Cluichí Ceannais Pheil na mBan i bPáirc an Chrócaigh, Baile Átha Cliath ar 1.30in Dé Domhnaigh, 29 Meán Fómhair 2013, agus is trí chóras ar-líne Google Hangouts gur lean Comhrá 24/7 ag dul ó ghrúpa Gaeilge go grúpa Gaeilge ar fud na cruinne gan stad ar feadh na seachtaine sular chríochnaigh sé mar chuid den fhéile Cearta & Ceiliúradh i mBéal Feirste ar 2.00in inniu, Dé Domhnaigh, 6 Deireadh Fómhair 2013.

Bhí an comhrá idirghníomhach á chraoladh beo ar-líne ar www.gaeilge2013.ie/comhra247 ar fud na cruinne ar feadh na seachtaine agus ghlac níos mó 60 grúpa éagsúla* páirt sa churiarracht domhanda seo. Glac idir scoileanna Gaeilge agus Béarla, ghrúpaí pobail, thithe an rialtais thuaidh agus theas, leabharlanna, institiúidí tríú leibhéal, ionaid ealaíon, stáisiúin teilifíse, raidió ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta, BBC Uladh agus go leor grúpaí eile páirt i gComhrá 24/7.

Arsa de Spáinn:

"Gabhann gach duine i gConradh na Gaeilge agus i mBliain na Gaeilge trí chéile buíochas ollmhór leis na grúpaí ar fad a ghlac páirt sa churiarracht éachtach seo, agus tá súil againn gur spreag Comhrá 24/7 pobal uile na cruinne chun cainte i nGaeilge, ní hamháin don tseachtain speisialta seo, ach sa saol mór amach anseo!"

Tá gach eolas maidir le Comhrá 24/7 ar shuíomh Bhliain na Gaeilge ar www.gaeilge2013.ie mar aon le físeáin agus íomhánna ón gcuriarracht. Bígí Linn – Let’s Celebrate Our Language! CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn
Comhordaitheoir Náisiúnta, Bliain na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Rónán Mistéil
Comhordaitheoir, Comhrá 24/7
+353 (0)85 1461324 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 6 Deireadh Fómhair 2013
LÁNCHOSC: 14.00, 6 DEIREADH FÓMHAIR 2013

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Rinne Conradh na Gaeilge, fóram daonlathach phobal na Gaeilge, comhordú ar an gcuriarracht Comhrá 24/7. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Cad is féidir leatsa a dhéanamh le linn Bhliain na Gaeilge 2013?

  • Bain úsáid as an nGaeilge le do chairde, do ghaolta, do chomhghleacaithe agus eile i 2013
  • Féach ar na himeachtaí ar fad ar ár suíomh gréasáin ar www.gaeilge2013.ie & déan freastal ar chuid acu
  • Glac páirt sna comórtais – tá duaiseanna iontacha le baint amach!
  • Déan cinneadh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge nó í a fhoghlaim in 2013 - d’fheadfaí páirt a ghlacadh san fheachtas Líofa 2015 fiú
  • Téigh ar saoire go dtí an Ghaeltacht
  • Meall cairde thar lear le teacht go hÉirinn in 2013 le freastal ar imeachtaí de chuid Bhliain na Gaeilge agus páirt a ghlacadh i dTóstal Éireann 2013
  • Ceannaigh earraí déanta in Éirinn le cabhrú leis an timpeallacht ina bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn againn

*Grúpaí a ghlac páirt sa churiarracht Comhrá 2/47:

  • Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
  • Ollscoil na hÉireann Má Nuad
  • Coláiste na Tríonóide
  • Coláiste na hOllscoile Corcaigh
  • Club an Chonartha, Baile Átha Cliath
  • Raidió Rí-Rá
  • Celtic Arts Center, Cathair na nAingeal, California
  • Uimhir 6, Baile Átha Cliath
  • Coláiste Phobal Chaoimhín, Cill Mhantáin
  • Foras na Gaeilge, Oifig Ghaoth Dobhair
  • Seachtain na Gaeilge
  • An Siopa Leabhar
  • Rang Gaeilge - Beijing Foreign Studies University
  • Bunscoil Bheanna Boirche, Co. an Dúin
  • Coláiste Mhaolmhaodhóg, Béal Feirste
  • Pobalscoil Charraig Ui Leighin, Co. Chorcaí
  • Gael Linn, Ard Mhacha
  • Coláiste Chois Life, Leamhcán
  • Scoil Sydney (19.00 san Astráil)
  • Is Leor Beirt, Gaillimh
  • Is Leor Beirt, Ceatharlach
  • Pobalscoil Naomh Mharcais, Tamhlacht
  • Gaecholáiste Chill Dara
  • Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin, Tír Eoghain
  • Oifig na Gaeilge Comhairle Contae Chiarraí
  • Gael-Taca, Corcaigh
  • Is Leor Beirt, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath
  • Comhchoiste um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht
  • Bunscoil an Iúir
  • Gaeilge Anseo, Craobh Dhún Garbhán
  • Líofa i Stormont, Béal Feirste
  • Glór na Ríogh, Cill Dara
  • Coláiste Pobail Naomh Mhichíl & Club Gaeilge Gaga
  • Conradh na Gaeilge, an tAonach
  • Coláiste Pobail Osraí, Cill Chainnigh
  • Sult na Sollán, Co. Chill Dara
  • Cearta & Ceiliúradh, Béal Feirste
  • Craobh TG4 i bPeil na mBan, Páirc Uí Chrócaigh
  • Meon Eile, Béal Feirste
  • Coláiste Notre Dame, Baile Átha Cliath
  • Áras Inis Gluaire / Belmullet Arts Centre
  • Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Sráid Aungier
  • Is Leor Beirt, Maigh Eo
  • An Coiste Gaeilge, Cumann Lúthchleas Gael
  • Coláiste Feirste
  • Scoil Ghearóid Naofa, Cill Mhantáin
  • Coláiste Notre Dame, Baile Átha Cliath
  • Mater Críostaí, Fionnghlas
  • Dún Uladh, Tír Eoghain
  • St. Wolstan’s Community School, Co. Chill Dara
  • Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath
  • Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair
  • Ardscoil Naomh Maolmhaodhóg, An Dún
  • Coláiste an Gharda Síochána, Tiobraid Árann
  • Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair & Club 50
  • Gael Linn, Baile Átha Cliath
  • Beo Ireland, Co. Dhún na nGall
  • Ciorcal Comhrá Phort Laoise
  • Ionad Naomh Phádaraig, Dobhair, Gaoth Dobhair
  • Cormac ag a 5, Raidió na Gaeltachta
  • Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
  • Glór Bhéal an Átha Mhóir, Co, Liatroma
  • Ciorcal Comhrá Leabharlann Ráth Eanaigh
  • Comhluadar
  • Spleodar - Carn an Bhua, Loch Garman
  • Raidió - Tra Mhór
  • Sheffield Irish Language Group / Grúpa Gaeilge Sheffield
  • Conradh na Gaeilge, Glaschú
  • Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire
  • Blas - BBC Raidió Uladh
  • Spleodar - Baile Átha an Rí, Gaillimh
  • Muintir na Gaeilge, Ongar, Baile Átha Cliath
  • Club C.L.G. Domhnach Mór / Cill Dhéagláin, Co. na Mí
  • Athlone Community Radio 88.4FM
  • Craobh Liam Bulfin, Baile Átha Cliath
  • Ciorcal Comhrá, An Trá Mhór
  • Glór Chluainín, Liatroim
  • Muintir na Gaeilge, Ongar, Baile Átha Cliath
  • Craobh Liam Bulfin, Baile Átha Cliath
  • Cairde Teo, Ard Mhacha
  • Gaeilge le Chéile, Ceatharlach
  • Gaeilgeoirí Cois Laoi, Co. Chorcaí
  • Glór Uachtar Tíre, Co. an Dhúin
  • Ciorcal Comhrá Ard Mhacha
  • Grúpa Comhrá C.L.G. Fhine Ghallainn
  • Cumann Gaelach, Port Láirge
  • Pobal Gaeilge Madison Wisconsin
  • Grúpa Comhrá C.L.G. Fhine Ghallainn

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.