Skip to main content

Déimeagrafach Shláintiúil ag Pobal na Gaeilge De Réir Daonáirimh 2006

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an chéad léiriú ar mhéad agus ar chomhdhéanamh pobal na Gaeilge sa Stát seo a bhí le sonrú ó dhaonáireamh 2006 a d'fhoilsigh an Príomh Oifig Staidrimh le cúpla lá anuas. Tá déimeagrafach thar a bheith sláintiúil taobh istigh den 85,000 cainteoirí laethúla Gaeilge. Is iad na daoine óga an grúpa is mó atá ag labhairt na Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.

Ina theannta sin dúirt 1,656,790 duine go raibh labhairt na Gaeilge acu. Is é an dúshlán is mó a bhaineann leis na ndaoine seo a bhfuil an cumas agus an dea-mhéin acu iad a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhonn laethúil.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá Conradh na Gaeilge ag túschadhnaíochta i bpobail ar fud na tíre le deiseanna úsáid Gaeilge a chur ar fáil ó chiorcail chomhrá sa leabharlann dlí go dtí iliomad imeachtaí i rith Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre. Chuige sin ní mór don Rialtas mar chuid den straitéis 20 bliain atá á chur le chéile acu úsáid na Gaeilge a normalú sa saol phoiblí agus sa saol príobháideach ar leibhéal na súil, le comharthaíocht, le fógraíocht agus trí sheirbhísí breise a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí dea-shampla a léiriú maidir leis an nGaeilge a úsáid iad fhéin.

Léiríonn an líon daoine nach bhfuil labhairt na Gaeilge acu an ghéarghá atá le hollchóiriú ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais faoi mar atá molta ag Conradh na Gaeilge trí bhéim a chur ar an teanga labhartha agus múineadh tríd an sprioctheanga."

Cabhróidh an briseadh síos atá déanta ag an bPríomh Oifig Staidrimh, idir na daoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil sa chóras oideachais agus na daoine a labhraíonn Gaeilge taobh amuigh de, le spriocanna uaillmhianacha agus réadúil a leagann amach i straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge don chéad 20 bliain eile, i. spriocanna gur féidir measúnú leanúnach a dhéanamh orthu agus torthaí le sonrú ón daonáireamh gach ceithre bliana.

Tuilleadh Eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge. 
01 4757401 / 087 2368364
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.