Skip to main content

2 as 10 don Aire Oideachais agus Eolaíochta

Deir Conradh na Gaeilge nach reitíonn na moltaí a d'fhógair an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a thabharfar don scrúdú labhartha Gaeilge caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá an-díomá orm nach bhfuil an tAire Oideachais agus Eolaíochta sásta tabhairt faoin bhfadhb seo ar shlí chomhtháite. Tá sí ag díriú ar leibhéal amháin den fhadhb agus ag déanamh neamhairde ar na leibhéil eile. Is gá múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt ag an trí leibhéal ar bhonn iomlanaíoch, i. sna bunscoileanna, ag an dara leibhéal agus sna coláistí oiliúna."

Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Caithfear múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sna bunscoileanna le polasaí na Roinne Oideachais fhéin a chur i bhfeidhm, i. ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile (is féidir é seo a dhéanamh ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá a chur ar fáil). Ba chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh.

I gcás na meánscoileanna is cinnte gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha. B'fhearr seo a dhéanamh, áfach, trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach ("Teanga na Gaeilge" ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin).

Tuilleadh Eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge. 
01 4757401 / 087 2368364
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.