Skip to main content

Bliain Eile do Mhac Cárthaigh Mar Uachtarán ar an gConradh

Tá bliain eile roimhe amach ag Dáithí Mac Cárthaigh mar Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge. Toghadh arís é gan fhreasúra ag Ard-Fheis an Chonartha atá ar siúl in Óstán Westport, Cathair na Mart an deireadh seachtaine seo. Is é téama na hArd-Fheise i mbliana ‘An tOlltoghchán: pleanáil, oideachas, agus cearta'.

Dúirt Mac Cárthaigh, ar iarrthóir é i dtoghchán an Seanaid ar phainéal Ollscoil na hÉireann: "Is í ceist na Gaeilge sa chóras oideachais an tosaíocht mhór againne do Olltoghchán 2007. Gan leigheas ar an gceist seo, titfidh gach rud eile ar lár. Táimid ag iarraidh na moltaí seo a leanas a chur ag croílár an chéad chlár Rialtais eile :-

  1. Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosú leis an gcéad mhí chinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo;
  2. Go múinfí ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá;
  3. Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach:-
      "Teanga na Gaeilge" a mhúinfí do gach mac léinn: ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga.
      "Litríocht na Gaeilge" le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le "Teanga na Gaeilge" ag an leibhéal cuí.
    Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D'aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí ‘Litríocht na Gaeilge' a mharcáil mar ábhar breise.

Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.