Skip to main content

Tacaíonn Conradh na Gaeilge le Feachtas Gaelscoileanna Ar Son Cóiríocht Cheart do Scoileanna Lán-Ghaeilge

Tacaíonn Conradh na Gaeilge le Feachtas Náisiúnta GAELSCOILEANNA TEO. a éilíonn plean éigeandála chun géarchéim cóiríochta na ngaelscoileanna a réiteach go práinneach..

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus iarrthóir Seanaid ar phainéal Ollscoil na hÉireann:-
"Is buncheist phráinneach í ceist na cóiríochta do thodhchaí oideachais ár bpáistí uilig, ceist a bhaineann le cúrsaí slándála agus sábháilteachta, cearta an pháiste agus timpeallacht sláintiúil agus torthúil foghlama."

"Tá 53% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge (69 scoil) fós gan chóiríocht bhuan. As an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith, níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan.

"Teastaíonn caighdeán íosta cóiríochta do gach scoil, go nglanfadh an Roinn Oideachais 100% den chíos fhaid is atá scoil i gcóiríocht shealadach agus dualgas reachtúil a bheith ar Oifig na nOibreacha Poiblí suíomh a cheannach laistigh de 3 bliana ón uair a bhaineann scoil aitheantas buan amach."

"Ina theannta sin, tacaímid le héilimh sonraithe GAELSCOILEANNA faoi leasuithe ar chóras oiliúna múinteoirí chun modh an tumoideachais a chur a i lár an aonaigh; chun áiseanna agus tacaíocht don earnáil oideachais trí Ghaeilge a bheith ar aon dul leis na háiseanna agus an tacaíocht a fhaigheann an earnáil Bhéarla; agus go laghdófaí an líon scoláirí sa rang go dtí an meánfhigiúr OECD .i. 20."

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.