Skip to main content

Cinneadh Gan Chiall Gan Réasún Glactha ag an Aire Oideachais, Mary Hanafin

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh tubaisteach ar leis le gairid maidir le múineadh an Bhéarla i nGaelscoileanna ag leibhéal na naíonán sóisir, i. go múinfí an Béarla ón dara téarma scoile ar aghaidh. Cáineann an Conradh an beartas seo go géar toisc go ndéanann sé neamhaird ar an gcomhairle ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) atá i mbun próisis chomhairlithe ar an ábhar seo le blianta beaga anuas agus a mhol a thuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar. Tá ceithre réiteach ghearrthéarmacha molta ag an CNCM agus an tuilleadh taighde seo á dhéanamh.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Cuireann an cinneadh seo ionadh agus alltacht orm. Ní hé go bhfuil droch-chomhairle curtha ar an Aire ach is amhlaidh go bhfuil an tAire ag gníomhú go beag beann ar a cuid comhairleoirí.

Is gá córas tumoideachais Gaeilge sna ranganna naíonáin toisc uileláithreacht an Bhéarla agus toisc gur ó theaghlaigh Bhéarla a thagann formhór na bpáistí Gaelscoile. Is gá tumoideachas chun an t-éagothromas seo a chothromú agus chun nós na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc na ndaltaí agus sa scoil."

Cáineann an Conradh an tAire Hanifan, chomh maith, as an cinneadh seo a fhógairt ag am a bhfuil cuid mhaith le lucht oideachais ar saoire. Is féidir leis an Aire glacadh leis go cinnte nach  mbeidh an Conradh agus mórphobal na Gaeilge i gcoitinne ag seasamh siar agus ag glacadh leis an gcinneadh seo. Pléadh an cheist seo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Aibreáin na bliana seo agus ritheadh rún d'aon ghuth i gcoinne a leithéid d'ísliú céime don tumoideachas i ngaelscoileanna an Stait.

Feictear ón taighde atá déanta le blianta beaga anuas go bhfuil buntáiste ar leith ag leanaí dátheangacha maidir le teangacha a fhoghlaim níos faide ar aghaidh ina saoil. Mar sin léiríonn an beartas seo easpa muiníne as earnáil na Gaelscolaíochta agus as an gcaighdeán an-ard oideachais a sholáthraíonn Gaelscoileanna.

Tuilleadh Eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.