Skip to main content

Cinneadh an Aire Chultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, Frith-Ghaelach agus Frith-Ultach

Dúirt Conradh na Gaeilge go raibh an cinneadh a ghlac an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, inné maidir le hAcht Teanga a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart frithghaelach agus frith-Ultach agus go raibh deis curtha amú ag an Aire ón DUP, aitheantas a thabhairt don Ghaeilge, teanga ar le muintir uile an oileáin uile í. Is cinneadh tubaisteach é ach go háirithe tar éis an mhéid tacaíochta a léirigh mórphobal an Tuaiscirt trí na haighneachtaí a cuireadh isteach ar son a leithéid d'Acht le linn an dá phróisis chomhairliúcháin. 7,500 a bhí ar son reachtaíochta sa dara próiseas. Ní théann an cinneadh seo le ciall ná le réasún.

De bharr gur dhiúltaigh an tAire Poots bille na Gaeilge a chur faoi bhráid an Chomhthionóil iarrann an Conradh anois ar Rialtas na hÉireann a gcuid tionchair a úsáid chun go gcloíonn siad féin agus Rialtas na Breataine, láithreach bonn, leis an gcomhaontú idirnáisiúnta a rinne siad maidir le hAcht Gaeilge a chur i bhfeidhm sa Tuaisceart agus go n-achtálfaí an tAcht sin trí Pharlaimint Westminister. Freisin, iarrann siad ar an mórphobal ról a imirt agus litreacha is glaonna a chur chuig / ar a gcuid Teachtaí áitiúla agus ar Phríomh-Aire na Breataine ag: 10 Downing Street, London, SW1A 2AA nó tríd an bhfacs ar 0044 207 9250918.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
Is cinneadh náireach, frithghaelach agus frith-Ultach é an cinneadh seo a thóg an tAire Poots maidir le cur i bhfeidhm Achta Gaeilge sa Tuaisceart. Tógadh an cinneadh seo in ainneoin gur léirigh an mórphobal tacaíocht chuimsitheach don acht seo.

Táimid ag éileamh ar Gordon Brown agus ar rialtas Westminister anois seasamh lena dualgais faoin dlí idirnaisiúnta agus an tAcht seo a chur i bhfeidhm láithreach. Caitear an stádas agus na cearta céanna a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart agus atá ag an nGáidhlig san Albain agus ag an mBreatnais sa Bhreatain Bheag. Iarraim ar mhórphobal na Gaeilge agus orthu siúd a bhfuil bá acu don Ghaeilge brú a chur ar Rialtas Breataine agus ar Rialtas na hÉireann a ngealltanais a chomhlíonadh.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.