Skip to main content

Stáisiún Nua Raidió Náisiúnta don Aos Óg????

Beidh Seimineár an Oireachtais á eagrú ag an gConradh i mbliana agus is é ‘Stáisiún Raidió Náisiúnta Gaeilge don Aos Óg' a bheidh mar ábhar plé ann. Beidh an seimineár seo ar siúl ar an Satharn, 3 Samhain, 2007 ar 11.00r.n. sa Walnut Room in Óstán an Westport Plaza agus cuirfear fáilte roimh chách.

Pléifear an fhéidearthacht le stáisiún raidió náisiúnta Gaeilge don aos óg ag an seimineár i mbliana. Cuirfidh Lisa Ní Choisdealbha, Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann, an moladh os comhair lucht freastail an tseimineáir, agus labhróidh sí faoi na dúshláin a bheadh ann lena leithéid de stáisiún a chur ar bun agus an tionchar a bheadh aige ar an nGaeilge a spreagadh i measc an aosa óig. Ina dhiaidh sin cuirfidh Hector a chuid moltaí agus a chuir tuairimí féin i leith an ábhair seo in iúl don slua bunaithe ar an taithí uilig atá faighte aige le blianta beaga anuas ag obair le TG4, le RTÉ agus eagraíochtaí óige agus is féidir bheith cinnte go mbeidh tuairimí suimiúla le nochtú aige ina leith. Ansin labhróidh Tomás Mac an Iomaire, Iar-Cheannasí Raidió na Gaeltachta, i leith an ábhair agus nochtóidh sé go leor smaointe spéisiúla bunaithe ar a thaithí i réimse an raidió. Osclófar an seimineár don urlár ina dhiaidh sin agus fáilteofar roimh thuairimí na hearnála agus roimh thuairimí an mhórphobail i leith an mholta.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

"Tá muid an-sásta go bhfuil an triúr cainteoirí iontacha seo againn chun labhairt ar an ábhar spéisiúil seo. Dar ndóigh, tá géarghá lena leithéid agus gheobhaidh lucht freastail an tseimineáir léargas ó Lisa Ní Choisdealbha ar na dúshláin atá amach romhainn má tá muid chun a leithéid de stáisiún a bhaint amach. Freisin gheobhaidh moltaí agus tuairimí spéisiúla Hector ar conas is fearr an stáisiún seo a dhíriú ar an aos óg agus, dar ndóigh, leis an taithí a fuair Tomás Mac an Iomaire lena linn mar Cheannasaí ar Raidió na Gaeltachta is cinnte go dtiocfaidh cúlra cuimsitheach dúinn ar na rudaí éagsúl atá le déanamh.

Is í an chéad chéim eile don Chonradh, tar éis an chruinnithe seo, ná grúpa oibre a chur le chéile, le teacht ar an mbealach is fearr chun tosaigh. Ina dhiaidh sin, bronnfaidh muid an plean sin ar an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha."

Cuirfear anraith agus ceapairí ar fáil i ndiaidh an tseimineáir.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.