Skip to main content

Léacht Thumoideachais an Chonartha Ag Cothú Conspóide

Thug an tUasal Dónal Ó hAiniféin aghaidh ar ábhar conspóideach an tumoideachais ag Léacht Chonradh na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 aréir, 22 Aibreán 2008, agus mhol go bhforbrófaí múnlaí páirt- agus meán-thumoideachais, sa bhreis ar níos mó taighde dúchais a dhéanamh ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn, chun rogha níos fearr a thabhairt do thuistí ag iarraidh leas a bhaint as an gcóras Gaelscolaíochta dá bpáistí.

Is iar-Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta agus príomhoide reatha Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg é Ó hAiniféin, aoi-chainteoir na Léachta, agus tharraing sé ar shaothair thaighdeoirí idirnáisiúnta agus ar a chuid taighde féin ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn agus scileanna léitheoireachta an Bhéarla i measc daltaí i mbunscoile Ghaeilge ó Rang a 2 agus a 5 chun an-léargas a thabhairt don lucht éisteachta ar an tumoideachas agus chun an léachtlann lán a ghríosadh chun díospóireachta le ceisteanna agus freagraí ag deireadh a chuid cainte.

Labhair an tUasal Ó hAiniféin faoin tumoideachas agus a ról i gcóras oideachais na hÉireann san am atá thart, sa lá atá inniu ann agus san am atá le teacht, go háirithe i gcomhthéacs:

  • Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006; Acht Oideachais an Rialtais; an Churaclaim Bhunscoile 1999; agus bheartais éagsúla na Ranna Oideachais agus Eolaíochta ar an ábhar;
  • Mholtaí na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM);
  • Taighde agus tuairimí idirnáisiúnta agus in Éirinn ar an ábhar;
  • An dátheangachais agus an oideachais dhátheangach in Éirinn; agus
  • Suíomhanna sochtheangeolaíochta agus oideachais éagsúla a bhaineann le teagasc na Gaeilge.

Dúirt Dónal Ó hAiniféin, aoi-chainteoir Léacht an Chonartha 2008: "Rinne mé trácht ar chaipéisí ar nós Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 a deir go gcuirfear "oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é" agus go "Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na h-iarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá" chun cás an tumoideachais in Éirinn a threisiú leis an méid atá geallta ag an Rialtas féin i dtaobh an ábhair.

Tá géarghá le taighde dúchais breise ar na múnlaí éagsúla tumoideachais a chur i gcrích in Éirinn, mar atá luaite i bpolasaithe tumoideachais an Rialtais féin, agus cur chuige aontaithe, uile-Éireann de dhíth uainn don tumoideachas bunaithe ar an dea-chleachtas is fearr ó thíortha eile.

Is gá freisin roghanna a thabhairt do thuismitheoirí ag iarraidh go gcuirfí oideachas páirt-thumtha nó tumoideachas meánach ar fáil dá bpáistí trí fhorbairt a dhéanamh ar ábhair bhreise a mhúineadh trí Ghaeilge ag léibhéal na bunscoile agus na meánscoile araon, mar atá molta ag John Harris."

Bhí idir Ghaeilgeoirí agus Bhéarlóirí i láthair agus córas ateangaireachta comhuaineach curtha ar fáil ionas go bhféadfadh chuile duine páirt a ghlacadh sa phlé agus sa díospóireacht. Seoladh leabhrán dátheangach David Little dar teideal "Todhchaí na dTeangacha i gCóras Oideachais na hÉireann: Beartas, Curaclam, Oideolaíocht" ar an oíche freisin agus tá cóipeanna ar fáil ó Chonradh na Gaeilge ach glaoch ar 01 4757401 nó buail isteach ar 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.

Tuilleadh eolais:
Dónal Ó hAiniféin,
Aoi-chainteoir, Léacht Chonradh na Gaeilge 2008.
086 2281585 / 01 4757401

Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.