Léiríonn fógra na nGardaí Síochána i mBéarla, i bPolainnis agus i Sínis ach gan tagairt ar bith don Ghaeilge san Irish Times inné, 22 Aibreán 2008, an géarghá atá le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9), a d'fhoilsigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív i 2006 ach nach bhfuil sínithe aige fós, dar le Conradh na Gaeilge.
Deir Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Tá sé scannalach nach raibh an Ghaeilge fiú luaite i bhfógra de chuid eagraíocht stáit atá chomh lárnach sin i saol an phobail agus atá na Gardaí Síochána.
Léiríonn seo an tábhacht a bhaineann le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9) chun aitheantas agus meas a thabhairt dár dteanga dhúchais i measc ilteangachas nua na hÉireann sa lá atá inniu ann."
Tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Ó Cuív na Rialacháin a shíniú mar ábhar práinne a luaithe agus atá an leasú maidir le cúrsaí fógraíochta déanta orthu.
Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364
Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757