Skip to main content

Toscaireacht ó Thuaidh Ar Son Achta

Bhuail toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge le hAirí i bhFeidhmeannas Stormont inné chun an dul chun cinn maidir le hAcht Gaeilge do Thuaisceart Éireann a phlé.

Ar thoscaireacht an Chonartha bhí Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, Ardrúnaí, agus Ruairí Ó Bléine, Comhaltas Uladh. Bhí Janet Muller ón eagras Pobal ar an toscaireacht freisin.

Bhuail an toscaireacht le Gerry Kelly MLA, aire in Oifig an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire agus le Conor Murphy MP, MLA, Aire Forbartha Réagúnaí.

Pléadh fosta an tslí ar féidir le hAirí aonair cur le stádas agus le húsáid na Gaeilge ina gcuid Ranna féin chomh maith le cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí a chuireanna na haireachtaí sin ar fáil as Gaeilge.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Ag éirí as na cruinnithe a bhí againn leis an hAirí is léir go bhfuil Acht na Gaeilge go lárnach ar an gclár oibre agus ina theannta sin go féidir go leor dul chun cinn a dhéanamh idir seo agus achtú na reachtaíocht sin chun polasaithe agus seirbhísí Gaeilge ranna ar leith a fhorbairt."

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge leanúint leis na cruinnithe seo sna míonna atá romhainn le hAirí den Fheidhmeannas.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.