Skip to main content

Ciorrú ina Chlaonadh Aicme

Cháin Conradh na Gaeilge an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go géar as cur le claontacht aicme ag an dara leibhéal oideachais trí stop a chur le deontas múinteoireachta na gcoláistí samhraidh sa cháinaisnéis is déanaí, agus léirigh a dtacaíocht iomlán do na coláistí samhraidh a fhulaingeoidh faoin gciorrú seo.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Níl amhras dá laghad ach gurb í an tréimhse a chaitheann scoláirí óga sna coláistí samhraidh an deis is fearr atá acu a gcuid scileanna cumarsáide Gaeilge a fheabhsú, go háirithe a scileanna labhartha , ach tá lucht eagraithe na gcoláistí ag brath ar an deontas caipitíochta mar fhoinse ioncaim le cuid de na costais a ghlanadh, sa dóigh is go bhfuil na cúrsaí á dtairiscint ar phraghas réasúnta do thuismitheoirí.

"Dar leis an gConradh cuirfidh an ciorrú seo go mór le claontacht aicme ag an dara leibhéal oideachais. Beidh níos mó marcanna ag dul do labhairt na teanga sna scrúduithe stáit ón mbliain 2012 ar aghaidh, agus beidh buntáiste ag mic léinn a bhfuil sé d'acmhainn ag a dtuistí íoc as cúrsa Gaeltachta dóibh dá réir, agus cuirfidh ciorrú na Roinne leis an gclaonadh seo."

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Creideann an Conradh gur le pobal uile-aicmeach na hÉireann an Ghaeilge, ach ciallaíonn an ciorrú mí-ámharach seo go mbeidh táille breise ar na cúrsaí samhraidh amach anseo agus mar thoradh, go mbeidh sé níos deacra fós ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíochta a bpáistí a chur chuig an nGaeltacht sa samhradh.

"Ní hamháin sin ach tá praghas na gcúrsaí socraithe cheanna féin ag coláistí don samhradh seo chugainn, tá na bróisiúir foilsithe agus iarratais ag teacht isteach - é seo uilig bunaithe ar an tuiscint go mbeadh an deontas á íoc mar is gnáth ag an Roinn Oideachais - agus creideann an Conradh gur cúis náire don Roinn agus don Rialtas trí chéile go bhfuil siad i ndiaidh dalla mullóg a chuir ar fhoireann na gcoláistí samhraidh, a bhíonn ag saothrú chomh dícheallach ar mhaithe le cur chun cinn na teanga bliain i ndiaidh bliana."

Is léir don Chonradh go bhfuil ceap magaidh á dhéanamh de bheartas an Rialtais an Ghaeilge a chur chun cinn, agus de ghealltanais ón Roinn Oideachais go gcuirfear níos mó béime ar an nGaeilge labhartha ag an dara leibhéal, i bhfianaise an chiorruithe seo a chuirfidh inmharthantacht na gcoláistí go mór i mbaol.

Freastalaíonn tuairim is 25,000 déagóir ar chúrsaí Gaeltachta in Éirinn gach bliain, ach le cealú an deontais múinteoireachta, beidh sé rídheacair cúrsaí rathúla a reáchtáil go heacnamúil, agus buille tubaisteach a bheas ann do gheilleagar na Gaeltachta má bhíonn ar na coláistí samhraidh deireadh a chur le cúrsaí mar thoradh air seo.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh go gcealaítear an cinneadh tubaisteach deireadh a chur leis an deontas caipitíochta do na coláistí samhraidh láithreach, sula mbeidh dochar as cuimse déanta do chóras rathúil na gcúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht.


Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
087 2901154 / 01 4757401

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.