Skip to main content

Cóid Phoist Trí Ghaeilge Á Éileamh

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Roinn Cumarsáid, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha córas chóid phoist na hÉireann a bunú ar leagan Gaeilge na logainmneacha, nó ar uimhreacha amháin.

Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cé go bhfáiltíonn an Conradh roimh chóras na gcód poist a thabhairt isteach, ní mór cás na n-uimhirphlátaí ar na gluaisteáin bunaithe ar leaganacha Béarla na gcontaetha a sheachaint agus a chinntiú go mbíonn leaganacha dúchasacha Gaelacha ar na cóid phoist, má chloíonn an Aire le meascán litreacha agus uimhreacha a úsáid."

Agus é ag caint ag Seimineár Oireachtais an Chonartha an tseachtain seo caite, dúirt an Dr Donnchadh Ó Corráin gur cóid phoist bunaithe ar an gcóras Sasanach agus ar leaganacha Béarla de logainmneacha na tíre atá beartaithe ag an Roinn Cumarsáide a chur i bhfeidhm in Éirinn, rud nach bhfuil ceart na cóir i dtír dhátheangach. Is cóid phoist le huimhreacha amháin a bhíonn in úsáid i dtíortha dátheangacha eile, áit go mbíonn cead ag duine an seoladh a scríobh ina rogha theanga ó bíonn an t-eolas ar fad a theastaíonn chun an post a sheachadadh sna huimhreacha, ach níl an tAire ag glacadh leis an deis chun an dátheangachas a chothú agus cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "B'fhearr i bhfad cóid phoist le huimhreacha amháin a úsáid ach níl aon chúis, theicniúil nó eile, nach bhféadfaí leaganacha Gaeilge na logainmneacha a choimriú leis na cóid phoist a chumadh má chloínn an tAire le meascán litreacha agus uimhreacha.

"Bheadh cóid phoist bunaithe ar fhoirm ghiorraithe den logainm Béarla amháin glan in aghaidh bheartas dátheangach an Rialtais agus bheartas an Aontais Eorpaigh atá meáite ar mhionteangacha a chothú agus a neartú."

Thug an tAire Cumarsáide Éamon Ryan le fios nach raibh aon ní i moladh an Bhoird um Thionscnamh na bPostchód Náisiúnta a chuirfeadh in aghaidh bunú na bpostchód ar leagan oifigiúil an logainm i nGaeilge "I gcás baile atá lonnaithe san nGaeltacht", ach níor gheall sé go ndéanfaí seo ná níor luaigh sé aon ní faoi leagan Gaeilge na logainmneacha a bheith ina mbunús do na cóid phoist i nGallachtaí na tíre.

Tá an Conradh ag éileamh ar an Aire Cumarsáide an deis a thapú logainmneacha dúchais Gaeilge a leagadh síos mar bhunús ag an gcóras nua códphoist in Éirinn do cheantair Ghaeltachta agus Ghallachta araon, mura bhfuil córas uimhreach amháin le húsáid. Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig an Aire Éamon Ryan ó shuíomh an Chonartha ag Cóid Phoist ag tacú leis an bhfeachtas agus ag éileamh chódphoist trí Ghaeilge.

Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169  / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.