Skip to main content

Cláraigh Ar-Líne Do Ranganna!

Tá Conradh na Gaeilge ag cur spleodar Gaelach san Athbhliain le ranganna Gaeilge úra in Uimhir a Sé, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, ag tosú an tseachtain dár tús an 19 Eanáir 2009. Is féidir clárú ar-líne do na ranganna anseo don chéad uair riamh agus tá leagan inchloíte de gach foirm le fáil ón suíomh freisin.

Beidh 9 leibhéal éagsúla ranganna oscailte do chuile duine sa cheantar le suim sa teanga, ó ghlantosaitheoirí ag foghlaim cúpla focal don chéad uair go cainteoirí líofa ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid Ghaeilge. Is iad seo a leanas na leibhéil éagsúla ar fáil don Bhliain Nua:

  • Tosaitheoirí 1
  • Tosaitheoirí 2
  • Bunrang 1
  • Bunrang 2
  • Meánrang 1
  • Meánrang 2
  • Ardrang 1
  • Ardrang 2
  • Rang Cruinnis

Is cúrsa 10 seachtaine atá á ofráil ag gach leibhéal le rang 2 uair a chlog ar siúl idir 7.00 agus 9.00in uair in aghaidh na seachtaine - Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin nó Déardaoin, ag brath ar an rang.

Ach is gá áit a chur in áireamh leis an Ard-Oifig láithreach lena chinntiú go bhfaigheann tú do rogha oíche ó is mór an t-éileamh atá ar na cúrsaí nua don Athbhliain cheana féin!

Tá costas €200 ar gach cúrsa agus is féidir clárú ar-líne le cárta creidmheasa ag www.cnag.ie. Is féidir freisin teagmháil a dhéanamh le Brenda Ní Ghairbhí / Máire Ní Dhuiginn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar an gConradh ar +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil agus chun áit ar chúrsa a chinntiú.

Cuirtear cúrsaí Chonradh na Gaeilge in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge.

Tá praghas ar lascaine €180 ar fáil d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus eile.

Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh, i mBaile Locha Riach, i Maigh Eo, in Inis agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. Breathnaigh faoi rannóg na ranganna anseo nó bí i dteagmháil linn le breis eolais a fháil mar gheall orthu.

Tuilleadh eolais:
Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 3649776

Máire Ní Dhuiginn,
Fáilteoir, Conradh na Gaeilge
01 4757401

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.