Tá an cairtstáisiún Gaeilge is mó in Éirinn ag lorg tuairimí a lucht éisteachta ar conas Raidió Rí-Rá a fhorbairt ag ollchruinniú oscailte in Óstán Blooms, Barra Temple, Baile Átha Cliath 2, óna 8 - 9.30in Dé hAoine, 16 Deireadh Fómhair 2009.
Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Bhí teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM i gcathracha ar fud na hÉireann le linn mhí an Mhárta 2009, agus cuireann na mílte daoine cluas rialta linn ar-líne ag www.rrr.ie freisin.
"Tá Raidió Rí-Rá cheana féin ag dul i dtreo na teilifíse digití agus tá clár feidhmiúcháin do ghutháin Nokia agus an iPhone idir lámha ionas gur féidir le daoine éisteacht leis an gcairtstáisiún Gaeilge aon uair gur mian leo, ach teastaíonn uainn smaointe ár lucht éisteachta a fháil i dtaca le tuilleadh forbartha agus pleanála fadtéarmaí do Rí-Rá freisin."
Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus ba í an craoladh sealadach i mbliana an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha a chur ar fáil do dhaoine óga ar an gcóras náisiúnta FM, dar le Ó Braonáin.
Is mór an dul chun cinn atá déanta ag Raidió Rí-Rá ó thosaigh sé ag craoladh ar-líne faoin ainm oibre Raidió X i mí Mhárta 2008 buíochas le ham agus le hobair dheonach go leor daoine, mar aon le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, urraíocht ó Samsung agus deontas ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta.
Deir Julian de Spáinn, Comhrúnaí Raidió Rí-Rá: "Tá go leor bainte amach ag Raidió Rí-Rá go dtí seo, ach tá ionchur níos mó agus struchtúr níos éifeachtaí de dhíth le níos mó daoine le Gaeilge a chur ag obair ar an aer agus ag tiomsú airgid don stáisiún. Beidh deis ag daoine a gcuid moltaí a thabhairt dúinn chuige sin ag cruinniú cinn bliana Rí-Rá in Óstán Blooms an Aoine bheag seo."
Tá an ollchruinniú oscailte d'éinne gur spéis leo Raidió Rí-Rá agus tá sé á reáchtáil mar chuid de dheireadh seachtaine traenála na mac léinn tríú leibhéil arna eagrú ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le Glór na nGael agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) ó tá an oiread sin spéise léirithe ag scoláirí óga ollscoile sa togra ón tús. Cuirfear sólaistí agus bia ar fáil do theachtaí.
Is féidir moltaí d'fhorbairt an chairtstáisiúin a chur go
TUILLEADH EOLAIS:
Julian de Spáinn
Raidió Rí-Rá
Síne Nic an Ailí
Raidió Rí-Rá
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá atá ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge ó seoladh é i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X. Bíonn na hamhráin is mó ó na cairteacha á seinnt ag Raidió Rí-Rá ar-líne ag www.rrr.ie gan stad tríd an bhliain ar fad. Is féidir le héisteoirí vóta a chaitheamh leis na hamhráin is fearr leo a chasadh, teacht ar an bPopnuacht is déanaí i bhfoirm scríofa agus ar MP3, cluas a chur leis an Top 40 Oifigiúil na hÉireann gach oíche ag a sé, agus iarchláracha a íoschóipeáil go héasca ón suíomh freisin. www.rrr.ie
Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie