Skip to main content

Bás Aindrias Uí Scolaí

Bhásaigh Aindrias Ó Scolaí go tobann ar 29 Deireadh Fómhair 2009 ina theach i mBaile Hearmann.

Aistriú óna theach inniu De Luain ag 17:30 go dtí Eaglais Naomh Bhríde, Cill Easra. Sochraid tar éis Aifreann 10:00 Dé Máirt go reilig Naomh Fhionntáin.

Ba bhall é de Chraobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge sna luath ‘40idí i rith an chéid seo chaite agus bhí baint aige ina dhiaidh sin le hAiltirí na hAiséirí faoi Ghearóid Ó Cuinneagáin nuair a scoilt an chraobh leis an gConradh.

Bhí sé ar an dream a bhunaigh Craobh Bhréanainn de Chonradh na Gaeilge i dtús na ‘60idí agus ina bhall den Chumann um Bhunú Bunscoile Gaelaí a thionscnaigh Craobh Rath Eanaigh de Chonradh na Gaeilge, a raibh bunú Scoil Neasáin mar thoradh i 1969.

Ba chisteoir Ghaelscoileanna é nuair a bunaíodh sin sna ‘70idí san aois seo chaite. Ardfheidhmeannach le Bord Soláthair an Leictreachais (EBS) a bhí ann sula ndeachaigh sé ar phinsean roinnt mhaith de bhlianta ó shin.

Ar dheis lámh Dé go raibh an Gael fíoruasal seo.

TUILLEADH EOLAIS:

Craobh Bhréanainn, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 8886257
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.