Skip to main content

Ainmneacha Gaeilge ar Eastáit Nua

Ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath le rún aréir, arna moladh ag na Comhairleoirí Tom Brabazon agus Críona Ní Dhálaigh, go mbeadh iallach ar lucht forbartha ainmneacha as Gaeilge amháin a chur ar eastáit nua sa chathair. Beidh na hainmneacha ar na heastáit tithíochta nua i gcathair Átha Cliath fréamhaithe sa stair agus sa tírdhreach áitiúil.

Arsa Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath de Chonradh na Gaeilge: "Tá an cleachtas seo i bhfeidhm i móra bailte móra ar fud na tíre ar nós na Gaillimhe agus na hUaimhe le roinnt blianta anuas agus éiríonn leis úsáid na Gaeilge a normalú agus próifíl na teanga a ardú i measc an phobail. Tá mé cinnte go gcuirfidh sé le húsáid na teanga náisiunta anseo sa phríomhchathair".

TUILLEADH EOLAIS:

Seán Ó hAdhmaill
Cathaoirleach, Coiste Chontae Bhaile Átha Cliath, Conradh na Gaeilge
085 7077932

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.