Skip to main content

Pádraig Mac Fhearghusa Ath-Thofa

á teachtaí tar éis Pádraig Mac Fhearghusa ó Chraobh Thrá Lí a ath-thoghadh mar Uachtarán ar an eagraíocht don tríú bliain as a chéile ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach inniu, 17 Aibreán 2010. Bhí an bua ag Mac Fhearghusa ar Sheán Ó hAdhmaill ó Craobh na nGael Óg a bhí in iomaíocht d'Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge don chéad uair.

Is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é Mac Fhearghusa mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le tamall maith de bhlianta. Is eagarthóir cumasach é ar an iris mhíosúil Feasta é, atá faoi chúram Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin an Chonartha.

Cabhróidh taithí uile Mhic Fhearghusa leis an eagraíocht go dtí seo leis Conradh na Gaeilge a threorú agus a neartu sa bhliain amach roimhe agus tá an tUachtarán Mac Fhearghusa ag díriú ar na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú; ar neartú na heagraíochta ar an talamh; agus ar chúrsaí oideachais na Gaeilge a fheabhsú.

Dúirt Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is léir go bhfuil sé i gceist ag ardstátseirbhísigh áirithe an Ghaeilge a ruaigeadh as an gcóras stát má ligtear leo; is mór an náire nár thug an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas d'oiread agus gaelscoil amháin le hoscailt i mbliana, cuir i gcás, agus is mithid don Chonradh agus do phobal uile na Gaeilge troid go fíochmhar i gcoinne an naimhdeas seo agus tacú lena leithéid de Ghaelscoil Ráth Tó atá ag oscailt gan aitheantas i Meán Fómhair."

Is cathaoirleach ar Ghaelcholáiste Chiarraí, Trá Lí é Uachtarán an Chonartha, ar eagraigh sé a bhunú, agus bhí lámh aige i mbunú trí Ghaelscoil eile leis. Níos suntasaí fós b'fhéidir, is iarchathaoirleach agus bunaitheoir Ghaelscoil Mhic Easmainn, Trá Lí é, scoil a sheas in aghaidh iarracht na Roinne Oideachais deireadh a chur le luath-thumoideachas iomlán trí Ghaeilge le hImlitir 44/2007.

Arsa an tUachtarán Mac Fhearghusa: "Beidh mé ag obair i gcomhar leis an bpobal áitiúil chun an Conradh agus an teanga a chothú ón mbonn aníos. Is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus tá an Conradh ag brath ar thacaíocht an phobail le seasamh a ghlacadh in aghaidh naimhde na teanga sa státchóras."

Tréaslaíonn baill an Chonartha leis an Uachtarán ath-thofa agus guíonn siad gach rath ar an obair a bheas le déanamh i bpáirt leis sa bhliain amach romhainn.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.