Skip to main content

Ionaid Chultúir Ar Fáil Don Phobal

Tá Conradh na Gaeilge ag cur an dá áras i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh de chuid na heagraíochta ar fáil do phobal na Gaeilge le húsáid mar ionaid chomhdhála, chruinnithe, ranganna agus eile chun árais an Chonartha a fhorbairt mar lárionaid chultúrtha Ghaeilge i gcroílár an dá chathair.

Tá cúrsaí teagaisc Gaeilge, ciorcail chomhrá, oícheanta cheoil agus shóisialta, comhdhálacha agus cruinnithe rialta á reáchtáil in árais Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh araon, agus is féidir le heagrais Ghaeilge nó daoine aonair eile seomraí a ghlacadh ar cíos ón gConradh ar bhonn laethúil, seachtainiúil, míosúil nó fiú bliantúil le feidhmiú ó cheachtar den dá áras i gcaitheamh na bliana.

Deir Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is fóram daonlathach phobal na Gaeilge é Conradh na Gaeilge agus tá an eagraíocht tugtha don chomhoibriú le heagrais Ghaeilge eile leis an teanga a chur chun cinn ar fud an oileáin. Ar scáth a chéile a mhaireann muid agus is mór againn an deis cuireadh a thabhairt do na heagraíochtaí agus do na daoine aonair atá ag feidhmiú ar son na Gaeilge freisin, leas a bhaint as áiseanna Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh le pobal na teanga a neartú sa dá chathair sin, agus go deimhin ar fud na tíre."

Chomh maith le hArd-Oifig náisiúnta Chornadh na Gaeilge, feidhmíonn mór-eagrais na gluaiseachta ar son na teanga ón bhfoirgneamh ar Shráid Fhearchair cheana féin, ina measc Oireachtas na Gaeilge; Ógras; Seachtain na Gaeilge; Glór na nGael, Laighean; Rith 2010; Raidió Rí-Rá; An tIonad Saor-Chomhairle Dlí de chuid Chraobh na gCeithre Chúirt; An Siopa Leabhar; agus Club Chonradh na Gaeilge.

Feidhmíonn Togra Ghael-Fhorbairt na Gaillimhe de Chonradh na Gaeilge ó Aras na nGael ar 45 Sráid Doiminic i nGaillimh, mar aon le Club Áras na nGael agus Ógras, Cúige Chonnacht.

Rinneadh athchóiriú ar Cheannáras stairiúil Chonradh na Gaeilge ar 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 le déanaí buíochas le síntiúis fhlaithiúla ó chraobhacha an Chonartha agus le cabhair ón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Chiste na Gaeilge, atá páirt-mhaoinithe ag an gCrannchur Náisiúnta, agus tá an foirgneamh á fhorbairt anois mar ionad oibre, áis chruinnithe agus lárionad cultúrtha do phobal na Gaeilge sa phríomhchathair.

Tá Áras na nGael ag feidhmiú mar lárionad na Gaeilge i nGaillimh faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag obair ar láthair úr a aimsiú le hionad níos mó a fhorbairt le tuilleadh áiseanna a sholáthair do phobal na teanga sa chathair amach anseo freisin.

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí
Feidhmeannach, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 3649776

Áine Ni Iarnáin
Stiúrthóir Thogra na Gaillimhe, Conradh na Gaeilge
091 567824 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh leis. www.cnag.ie

Is lár-ionad comhluadar na Gaeilge i gcathair na Gaillimhe é Club Áras na nGael. Bíonn an béar ar oscailt beagnach gach oíche den tseachtain óna 8.00in agus gealltar ceol Gaelach agus comhrá Gaeilge do chuile duine. Reáchtáiltear ranganna damhsa ar an sean-nós le Pádraig Ó hOibicín gach oíche Luain, ar an chéad Máirt bíonn Oíche Briotánach ar siúl agus tá sraith oícheanta airneáin faoi lánsheol gach dara Máirt den mhí, bíonn Oíche na bhFoghlaimeoirí ar siúl ar an gCéadaoin, Oíche na Mac Léinn Déardaoin, club cheoil domhanda le Club Oa2 ar an Aoine agus seisiún ceoil traidisiúnta den scoth gach Satharn. Is iomaí imeacht eile a eagraítear ann i gcaitheamh na míosa, idir oícheanta ceoil agus oícheanta carthanachta. Gach eolas: +353 (0)91 567824 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Is lár-ionad comhluadar na Gaeilge sa phríomhchathair é Club Chonradh na Gaeilge. Bíonn an béar ar oscailte do bhaill an Chlub seacht oíche in aghaidh na seachtaine óna 8.00in agus is ann a bhíonn ceol Gaelach agus comhrá Gaeilge. Reáchtáiltear ciorcal comhrá ann gach oíche Luan, is í an Mháirt Oíche na Mac Léinn, agus is iomaí imeacht eile a eagraítear ann i gcaitheamh na míosa, ceachtanna Briotánaise, rincí agus cluichí beiriste san áireamh. www.anclub.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.