Skip to main content

Glac Leis An Samhradh Seo!

Tá deis ag coláistí samhraidh ar fud na tíre éirí gafa le Glac Leis, camchuairt spreagúil Chonradh na Gaeilge ag cur daoine óga ar an eolas faoina gcearta teanga sa bhaile agus san Eoraip, an samhradh seo.

Tá Conradh na Gaeilge ag dul ar cuairt ar bhreis agus 30 cúrsa samhraidh don tríú bliain as a chéile, chun ceardlanna spraíúla spreagúla Glac Leis a reáchtáil leis na cinnirí iontu agus chun labhairt leis na scoláirí ar fad faoi na buntáistí a bhaineann le stádas oifigiúil oibre na Gaeilge ag leibhéal na hEorpa, faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí sa bhaile in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus faoi na féidearthachtaí fostaíochta dóibh in Éirinn agus san Eoraip amach anseo.

Arsa Aodhán Ó Deá, comhordaitheoir na gcoláistí samhraidh do fheachtas Glac Leis Chonradh na Gaeilge: "Tá sé ríthábhachtach pobal na Gaeilge - go háirithe daoine óga - a mhisniú agus a chumasú le seirbhís trí Ghaeilge a iarraidh i gcónaí ó ranna stáit, ó chomhlachtaí poiblí agus ó institiúidí Eorpacha, agus tá an Conradh i mbun pobal na Gaeilge a chur ar an eolas faoi na buntáistí agus na deiseanna úsáidte a bhaineann leis an teanga, san Eoraip agus anseo sa bhaile, tríd an bhfeachtas cearta teanga Glac Leis."

Tá foireann na camchuairte Glac Leis ag moladh do Ghaeilgeoirí glacadh leis go bhfuil seirbhís Ghaeilge i gcónaí ar fáil agus ag insint do dhaoine óga gur féidir leo aoischárta, ceadúnas tiomána agus pas a fháil i nGaeilge; go bhfuil sé de cheart ag gach duine a leagan Gaeilge dá n-ainm a úsáid; gur féidir cáin ghluaisteáin agus ríomhdholaí a íoc ar-líne trí Ghaeilge; gur féidir scrúdú tiomána agus an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT) a dhéanamh trí Ghaeilge; agus go bhfuil sé de cheart ag gach duine seirbhís Ghaeilge a lorg ó na Gardaí Síochána, mar shampla.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge: "Tá deiseanna nua fostaíochta i gcónaí ag teacht chun cinn trí mheán na Gaeilge ó ní hamháin go bhfuil dualgais i leith na Gaeilge ag comhlachtaí poiblí in Éirinn agus institiúidí Eorpacha, ach tá gnólachtaí príobháideacha idirnáisiúnta amhlaidh Microsoft, Samsung, agus fiú Facebook ag iarraidh buntáiste iomaíochta a thabhairt dóibh féin in Éirinn trí mheán na Gaeilge; cuireann camchuairt feasachta Glac Leis daoine óga sna coláistí samhraidh ar an eolas mar gheall ar na buntáistí sin agus ar a gcearta teanga i leith úsáid na Gaeilge."

Tá an Conradh ag moladh do dhaoine glacadh leis go bhfuil gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus an t-éileamh do sheirbhísí Gaeilge a léiriú. Cuireann Conradh na Gaeilge seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine a mbíonn fadhbanna acu seirbhísí Gaeilge a fháil freisin, agus is féidir leat dul i dteagmháil leis an gConradh trí ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar an Ard-Oifig ar +353 (0)1 475 7401.

TUILLEADH EOLAIS:

Aodhán Ó Deá,
Comhordaitheoir na gColáistí Samhraidh,
Glac Leis, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 3102691

Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge.
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 3649776
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha cúnamh ar fáil d'fheachtas Glac Leis Chonradh na Gaeilge as an gciste An Eoraip A Chur in Iúl atá ann chun tacú le tionscadail a mhíníonn an tAontas Eorpach do mhuintir na hÉireann, a chabhraíonn le feabhas a chur ar chaighdeán na cumarsáide idir an Aontas agus a chuid saoránach, agus a dhéanann an nasc atá ag an tír seo leis an Eoraip a cheiliúradh. www.eumatters.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.