Skip to main content

Laochra an Spóirt ag Lá Oscailte Ghaelscoil Ráth Tó

D'eagraigh Gaelscoil Ráth Tó, a osclóidh gan aitheantas i gCo. na Mí ar an 30 Lúnasa, Lá Oscailte do thuismitheoirí in ionad nua na scoile ar an gCéadaoin, 21 Iúil 2010.

Tháinig laochra ón saol spóirt dá leithéid Bernard Dunne, dornálaí, agus imreoirí peile na Mí Patrick O'Rourke agus Caoimhín King chuig an oíche chun tacú le Coiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó agus a gcinneadh chun an chéad Ghaelscoil ó 2008 a oscailt.

In ainneoin diúltú na Roinne Oideachais agus Scileanna chun aitheantas a bhronnadh ar an scoil, tosóidh na chéad daltaí ar an oideachas lánGhaeilge i nGaelscoil Ráth Tó i mbliana, le tacaíocht ón bhfeachtas Aitheantas.

Bhunaigh ceithre eagraíocht Ghaeilge - Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus An Foras Pátrúnachta - an feachtas Aitheantas chun tacú le tuistí Ghaelscoil Ráth Tó agus an éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge.

BREIS EOLAIS:

Seán Ó Buachalla
Coiste Bunaithe Ghaelscoil Ráth Tó
+353 (0)85 7788486

Feargal Ó Cuilinn
Aitheantas
+353 (0)87 2908391

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Stair Ghaelscoil Ráth Tó

Cuireadh tús leis an iarracht chun Gaelscoil Ráth Tó a bhunú i Lúnasa 2008, nuair a tháinig scata tuismitheoirí agus díograiseoirí Gaeilge le chéile le tabhairt faoi bhunú gaelscoile i Ráth Tó. Is ceantar é Ráth Tó ina bhfuil borradh mór faoin daonra, ach is é an t-aon bhaile in Oirdheisceart na Mí nach bhfuil aon ghaelscoil ann chun oideachas Gaelach a sholáthar do pháistí áitiúla.

Bunaíodh coiste bunaithe tamall gearr ina dhiaidh sin agus cuireadh tús dáiríre leis an obair chun an scoil a chur ar bun agus é mar sprioc ag an dream seo an scoil a oscailt i bhfómhar na bliana 2010. Thug na daoine a bhí páirteach sa tionscadal seo faoi deara go raibh an-éileamh ann go háitiúil ar an bhfiontar seo agus bhí breis is 30 páiste cláraithe do chéad bhliain na scoile taobh istigh d'achar gearr. Ar na nithe eile a baineadh amach i rith na tréimhse seo bhí bronnadh suímh d'fhoirgneamh buan na scoile ag úinéir talún áitiúil i Ráth Tó agus toiliú Fhoras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge a bheith mar phátrún oifigiúil na scoile.

D'fhógair an Roinn Oideachais i ráithe dheireanach 2009 go mbeadh scoil nua de dhíth ar Ráth Tó i bhfianaise na réamh-mheastachán déimeagrafach a bhí déanta agus bhí na daoine a bhí bainteach le stocaireacht ar son na gaelscoile réasúnta cinnte go n-aithneofaí an ghaelscoil mar scoil nua Ráth Tó. Ach d'athraigh an Roinn an anailís seo i bhFeabhra 2010 agus d'fhógair said nach mbunófaí aon scoil nua i Ráth Tó i rith 2010, in ainneoin a raibh ráite acu roimhe sin, agus ba mhór an díomá a bhí ar lucht fheachtas na gaelscoile, go háirithe ar na tuismitheoirí a bhí ag iarraidh a bpáistí a chur chun na gaelscoile i rith 2010.

Ansin tháinig grúpa ceithre eagraíocht Ghaeilge le chéile chun tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do bhunú na gaelscoile ar bhonn neamhoifigiúil in éineacht leis an gcoiste bunaithe agus na tuismitheoirí eile go léir a bhí páirteach san fheachtas, d'fhonn brú a chur ar an Roinn an scoil a aithint. Is iad na heagraíochtaí Gaeilge atá i gceist ná Glór na nGael, Foras Pátrúnachta na Scoileanna Lán-Ghaeilge, Comhluadar agus Conradh na Gaeilge. Tháinig na ceithre eagraíocht seo le chéile chun feachtas a chruthú darb ainm Aitheantas, le tacú agus le cabhrú le bunú na gaelscoile nua i Ráth Tó.

Tá gaelscoileanna ar an earnáil oideachais is mó fás in Éirinn an lae inniu, ach níor tugadh aitheantas do ghaelscoil nua ar bith ó 2008 agus bhraith cuid mhaith daoine a bhaineann leis an ngaelscolaíocht agus le cur chun cinn na Gaeilge go raibh bac á chur le fás na gaelscolaíochta ag na húdaráis oifigiúla agus gur ghá an fód a sheasamh ar cheist aitheantas Ghaelscoil Ráth Tó, ní hamháin mar cheist áitiúil, ach mar cheist náisiúnta chomh maith maidir le héascú na gaelscolaíochta ag lucht oifigiúil. Ní hamháin go bhfuil sé mar chuspóir ag an bhfeachtas go n-aithneofaí Gaelscoil Ráth Tó go hoifigiúil, ach ba mhaith leo go n-athrófaí na critéir a úsáideann an Roinn chun scoileanna nua a aithint, go háirithe ó thaobh rogha teanga agus chearta teanga na dtuismitheoirí agus na bpáistí chun oideachas Gaelach más é sin atá uathu.

Tá an feachtas dírithe go príomha ar thiomsú an airgid atá ag teastáil chun an scoil a reáchtáil ar bhonn neamhoifigiúil agus ar bhrú a chur ar na húdaráis oideachais agus pholaitiúla araon chun aitheantas iomlán stáit a bhaint amach do Ghaelscoil Ráth Tó chomh luath agus is féidir. I bhfianaise stádas na scoile faoi láthair, ba mhór againn aon deonacháin airgid a thabharfaí dúinn.

Is áthas le Gaelscoil Ráth Tó a fhógairt gur ceapadh Tricia Ní Mhaolagáin mar chéad mhúinteoir na scoile nua. Rinneadh an ceapachán seo i gcomhar leis na heagraíochtaí Gaeilge thuasluaite. Beidh Gaelscoil Ráth Tó ag oscailt in Ionad Pobail Ráth Tó i lár an bhaile. Is féidir páistí nua a chlárú sa scoil go fóill le haghaidh na bliana seo agus tosóidh na ranganna ar 30 Lúnasa 2010.

Gaelscoil Ráth Tó
39 An Seanmhuileann, Bóthar Thigh na Sióg, Ráth Tó, Co. na Mí.
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)87 3328650 / http://gaelscoilrathto.ning.com

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.