Skip to main content

Luach Airgid & Ullmhúchán Agallaimh D'Ábhair Oidí le Cúrsa Lae an Chonartha

Beidh cúrsa ullmhúcháin don agallamh Gaeilge do chúrsa iarchéime na bunmhúinteoireachta á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge i gcroílár na cathrach in Uimhir a Sé, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 Dé Domhnaigh, 21 Samhain 2010, óna 10.00rn - 5.00in ar €100 an duine.

Deir Brenda Ní Ghairbhí, Feidhmeannach Forbartha agus Oifige Chonradh na Gaeilge: "Tá €100 an duine á ghearradh ar an gcúrsa cuimsitheach seo d'ábhar oidí atá ag dul don agallamh don iarchéime bhunmhúinteoireachta, agus ní dóigh liom go bhfuil cúrsa ullmhúcháin eile ar ardchaighdeán chúrsa Chonradh na Gaeilge ar fáil san ardchathair ar phraghas chomh réasúnta céanna.

"Táimid ag cinntiú go bhfuil luach a gcuid airgid á fháil ag lucht freastail chúrsa Chonradh na Gaeilge. Beidh bréagagallamh aonair agus aiseolas pearsanta san áireamh ar an gcúrsa agus beidh gach iarratasóir réidh le tabhairt faoin ullmhú agus faoin staidéar don agallamh múinteoireachta ar bhonn ceart, cruinn sna sála ar chúrsa ullmhúcháin an Chonartha a dhéanamh."

Díreoidh cúrsa lae an Chonartha ar staidéar agus ar chleachtadh le haghaidh agallamh Gaeilge na gcoláistí oiliúna oideachais, ag leagadh béime ní hamháin ar na topaicí cuí, ar chúrsaí foghraíochta, agus ar théarmaíocht scoile, ach ar nodanna le tabhairt faoin agallamh féin freisin.

Is féidir áit a chur in áirithe ar cnag.ie nó glaoch ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)1 4757401 ach b'fhiú a bheith gasta: seo an tríú cúrsa ullmhúcháin d'iarratasóirí ag dul don iarchéim bhunmhúinteoireachta atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an fómhar seo sa bhreis ar cheann i nGaillimh, agus bhí an-éileamh ar na cúrsaí a cuireadh i gcrích go dtí seo.

Arsa Jacqueline Uí Mhúirí, múinteoir na gcúrsaí le Conradh na Gaeilge: "Tugann cúrsa an Chonartha deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus triail a bhaint as bréagagallamh chun feabhas a chur ar a scileanna in am d'agallamh Gaeilge na gcoláistí oiliúna oideachais atáthar ag súil le bheith eagraithe ag a leithéid de Choláiste Hibernia / Choláiste Phádraig, Marino agus Froebel go luath i mbliana."

Tá clú agus cáil ar Chonradh na Gaeilge as cúrsaí Gaeilge a reáchtáil do dhaoine fásta ó bunaíodh an eagraíocht an chéad lá riamh breis 's 100 bliain ó shin, agus rachaidh sárthraidisiún múinteoireachta an Chonartha chun tairbhe lucht freastail an chúrsa ullmhúcháin ar an 21 Samhain 2010.

Beidh plé ar na botúin is coitianta a dhéantar san agallamh Gaeilge don iarchéim bhunmhúinteoireachta mar aon le rólimirt, bileoga eolais, obair ghrúpa, obair bheirte, agus bréagagallamh le haiseolas i gcúrsa lae Chonradh na Gaeilge. Iarrtar ar rannpháirtithe ábhair a ullmhú ar na téamaí seo a leanas leis an méid is mó tairbhe a bhaint as cúrsa an Chonartha: mé féin; áit chónaithe; taithí oibre; an fáth go bhfuil mé ag iarraidh an cúrsa a dhéanamh.

TUILLEADH EOLAIS & ÁIRITHINTÍ:

Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 086 3649776

Jacqueline Uí Mhuirí,
Teagascóir, Conradh na Gaeilge.
086 0883503 / 091 567824

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.