Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil cumhachtaí tithíochta níos láidre d’Údarás na Gaeltachta riachtanach chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht
Theip ar an Rialtas ceann de na deiseanna is suntasaí a thapú chun an Ghaeltacht a neartú agus a chosaint agus an Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair na Dála aréir ag céim na tuarascála.
Is ionann an reachtaíocht seo agus ceann de na deiseanna is mó chun na pobail Ghaeltachta a neartú agus a chosaint, ach chuaigh an Rialtas i gcoinne leasaithe a cheadódh d’Údarás na Gaeltachta ról suntasach a ghlacadh i ndul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta atá ag réabadh na ceantair Ghaeltachta, agus ag réabadh na Gaeilge dá réir.
Cé go gcuirfimid fáilte go bhfuil an Bille ag bogadh tríd an Oireachtas ar deireadh, agus go mbeidh toghchán daonlathach do bhord Údarás na Gaeltachta á thabhairt ar ais, is cúis mhór díomá nár glacadh le haon cheann de na leasuithe molta ag Conradh na Gaeilge agus ag grúpaí pobail eile ar nós TINTEÁN agus BÁNÚ. Tagann an diúltú seo i gcomhthéacs na hoibre atá á déanamh ag Údarás na Gaeltachta sa réimse seo, agus thagair Teachtaí aréir le suíomhanna an Údaráis, na cuspóirí atá aige agus an suirbhé eisithe le déanaí acu a chruthaigh an t-éileamh tithíochta i measc daoine óga sa Ghaeltacht.
I measc na leasaithe is suntasaí ar diúltaíodh bhí moladh a chuirfeadh ar chumas Údarás na Gaeltachta talamh agus maoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí agus áiseanna sóisialta nó cultúrtha a sholáthar laistigh de cheantair Ghaeltachta;
10. Ar leathanach 13, idir líne 3 agus líne 4, an méid seo a leanas a chur isteach:
“ “(7A) Féadfaidh an tÚdarás leas i maoin agus réadmhaoin a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, nó áiseanna sóisialta nó cultúir a chur ar fáil ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis.”.
Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:
“Is maith an rud é go bhfuil an reachtaíocht seo á phlé faoi dheireadh agus go bhfuil toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta á n-athbhunú. Is forbairtí dearfacha agus tábhachtacha iad seo. É sin ráite, léirigh an Bille seo deis shuntasach freisin chun na cumhachtaí cearta a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta chun na pobail Ghaeltachta a chosaint agus chun todhchaí na Gaeilge a dhaingniú - agus níor ghlac an Rialtas an deis sin.
Tá géarchéim na tithíochta ar cheann de na bagairtí is mó atá roimh thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht anois. Tá daoine óga agus teaghlaigh á mbrú amach óna bpobail mar nach bhfuil rochtain acu ar thithíocht inacmhainne. Má tá an rialtas dairíre faoin Ghaeltacht a chaomhnú agus an teanga a neartú, tá gá le gníomh ceannasach agus uaillmhianach.
Beidh an chumhacht ag Údarás na Gaeltachta talamh atá acu cheana féin a dhíol nó a aistriú ar mhaithe le tithíocht toisc leasuithe sa Bhille seo. Is cúis mhór frustrachais é, áfach, gur dhiúltaigh an tAire go dtí seo cumhacht a thabhairt don Údarás talamh nua a cheannach le tacú go gníomhach le forbairt tithíochta, seirbhísí agus bonneagair phobail do chainteoirí Gaeilge mar a lorg Teachtaí Dála sa fhreasúra aréir. Is cinnte nach bhfuil a dhóthain talamh nó talamh oiriúnach faoi láthair ag an Údarás le díol chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta agus sin í an fáth go bhfuil gá leis an gcumhacht a thabhairt don Údarás talamh nua a cheannach chuige sin. Gan cumhachtaí níos láidre agus idirghabháil dhíreach, leanfaidh meath ár bpobail Ghaeltachta ar aghaidh, agus beidh obair tithíochta mar seo fágtha ad hoc faoi ghrúpaí pobail.”
Le linn na díospóireachta, dhiúltaigh an tAire Dara Calleary don leasú ar an mbonn nach bhfuil “aon taithí ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta” agus nach bhfuil “na scileanna i gcúrsaí tithíochta” acu.
Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, gur léirigh an argóint seo go díreach cén fáth go bhfuil géarghá le Rannóg Tithíochta tiomnaithe laistigh d’Údarás na Gaeltachta:
“Gan dabht tuigimid ag an bpointe seo nach bhfuil a dhóthain saineolais tithíochta ná na hacmhainní ag Údarás na Gaeltachta – ach is ar an mbonn sin gur chóir go mbunófaí Rannóg Tithíochta ar leith laistigh den Údarás agus go mbeadh an leasú déanta ar an mBille. Ról éascaitheoireachta go príomhdha a bheadh anseo, ina mbeidh an tÚdarás ag gníomhú i gcomhar leis na háisíneachtaí Stáit eile agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta le soláthar tithíochta a chur chun cinn do mhuintir na Gaeltachta, agus saineolas sochtheangeolaíoch an Údaráis i lár an aonaigh.
Cailleadh deis ollmhór le linn na díospóireachta oíche aréir. I ré ina bhfuil an ghéarchéim tithíochta mar bhagairt thubsaisteach do mhuintir na Gaeltachta, shocraigh an Rialtas srian a chur ar chumhachtaí an chomhlachta Stáit is oiriúnaí le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim seo sa Ghaeltacht. Ní aontaímid leis an Aire “go bhfuil slite eile, níos tapúla” le an ngéarchéim tithíochta don Ghaeltacht a leigheas – má tá, cá bhfuil an ghníomh agus na torthaí go dtí seo?
De réir torthaí shuirbhé an Údaráis féin a d’fhoilsigh siad le déanaí, tá fadhbanna ollmhóra léirithe sa soláthar tithíochta sa Ghaeltacht; braitheann todhchaí na Gaelainne ar dhaoine a bheith in ann maireachtaint i gceantracha Ghaeltachta. Seo moladh chomh maith ar chuir an Comhchoiste Tithíochta go dtí an Aire Tithíochta an tseachtain seo caite, mar sin is léir go bhfuil éileamh polaitiúil agus éileamh na cosmhuintire i gceist leis seo.
Táimid fós ag éileamh ar an Aire Calleary leasú a chur san áireamh le cumhacht a thabhairt don Údarás chun talamh a cheannach nó a fháil ar mhaithe le tithíocht, seirbhísí, áiseanna sóisialta nó cultúrtha a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sula chuireann sé an chéad leagan eile de leasuithe ar an mBille ón Rialtas ar aghaidh chuig Seanad Éireann.”
Is féidir an leagan is déanaí de Bhille um Údaras na Gaeltachta a léamh anseo.
Is féidir leasuithe tithíochta a chuir Conradh na Gaeilge ar aghaidh agus gur thacaíomar leo a léamh anseo.
Tá an díospóireacht ar fad ar fáil anseo.
MEÁIN
Meáin Shóisialta: X - @CnaG / Instagram - @cnagaeilge | @tinteandonghaeltacht
