- tuarascáil taighde nua foilsithe ag Ollscoil na Banríona a dhéanann scrúdú ar “teip an dá dhlínse ó thuaidh agus ó dheas freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó críochdheighleadh an tír”
Níor chóir cearta Gaeilge a iompú ina “gcipíní idirbheartaíochta”, iad a imeallú nó a dhíbirt, ach a mhalairt - ba chóir tógáil ar na cearta reatha, de réir mar a éiriónn an comhrá i dtreo Éireann nua níos láidre - tuarascáil úr Ollscoil na Banríona
Tá tuarascáil nua taighde foilsithe inniu (Máirt 5/5/26) ag Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, a dhéanann scrúdú agus anailís ar ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe. Seoladh an taighde, ‘Éire aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’ ag Áras Séamus Heaney in Ollscoil na Banríona ar maidin, áit ar chuir údar príomh-thaighdeoir na tuarascála, Róisín Nic Liam, príomh-thorthaí an taighde i láthair. Ag caint fosta mar chuid den seoladh bhí Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, agus an tOllamh Colin Harvet, Ollamh ar Dhlí Chearta Daonna i Scoil an Dlí san Ollscoil, a cheap Uachtarán na hÉireann ar a Comhairle Stáit ar na mallaibh. Chuir an Dr Síobhra Aiken, Léachtóir Sinsearach, Roinn na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Banríona, an ócáid i láthair.
Leagtar amach sa tuarascáil forléargas ar an fhrámáil atá déanta ar an Ghaeilge i gcomhráití maidir le hÉirinn aontaithe go dáta. Idirghabháil dhioscúrsach atá sa tuairisc seo freisin, a thugann dúsh- lán don fhrámáil leanúnach dhiúltach a dhéantar ar an nGaeilge sa phlé ar Éirinn aontaithe.
Moltar sa tuairisc seo gur cheart don phobal “deis stairiúil na haontachta a thapú lená bhfís fhorásach agus á n-éilimh féin a leagan amach ó thaobh thodhchaí na teanga agus na Gaeltachta”.
Áitítear sa tuairisc, mar sin, gur “gá do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta tiontú ón seasamh cosantach úd sa phlé ar an athrú bunreachtúil chuig seasamh réamhghníomhach dearfach”.. Ní mór amhlaidh a dhéanamh d’fhonn deimhin a dhéanamh de “nach ndéanfar tuilleadh imeallú ar theanga dhúchais na hÉireann (agus lucht a labhartha) amach anseo”.
Is Conradh na Gaeilge choimisiúnaigh an taighde seo.
Duirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“In 2019, agus an díospóireacht maidir le todhchaí bhunreachtúil na tíre ag bailiú nirt, d’aontaigh Ard Fheis Chonradh na Gaeilge d’aon ghuth chun tús a chur le comhrá náisiúnta maidir le ról na Gaeilge in Éirinn nua, cinneadh a leag dúshraith do chlár iomlán díospóireachtaí, comhráití agus tionól maidir le cearta teanga agus todhchaí stádas na Gaeilge sa chás go mbeadh athrú bunreachtúil ann. Ó shin, tá comhdhálacha agus seimineáir eagraithe ag an Chonradh chun grinnscrúdú a dhéanamh ar ról na teanga in Éirinn nua, ar ról na Gaelscolaíochta, ar cheist na Gaeltachta, ar chúrsaí reachtaíochta agus polasaí, uilig i gcomhthéacs an athruithe bhunreachtúil. In 2023, vótáil craobhacha agus baill Chonradh na Gaeilge d’aon ghuth arís chun taighde a fhorbairt maidir le ról na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn aontaithe agus ár bhfís don tréimhse atá romhainn a leagan amach. Ó shin, choimisiúnaigh muid Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, chun an tuarascáil seo a chur le chéile agus bhí lúcháir mhór orainn gurb í Róisín Nic Liam údar an taighde.”
“Leis sin, tá áthas mór orainn an tuarascáil seo a chur os comhair an phobail agus tá súil againn go bhfeidhmeoidh sé mar mór-fhoinse spreagtha in ath-fhrámáil na díospóireachta maidir leis an Ghaeilge agus aontacht na tíre, bunaithe ar chearta agus ar mheas, díospóireacht a chaitheann leis an athrú bunreachtúil mar dheis aon-ghlúine chun fíor-chomhionannas agus athru claochlaitheach a bhaint amach, chun deireadh a chur leis na céadta bliain d’imeallú agus den chos ar bolg ar phobal na Gaeilge ar fud an oileáin seo. Tá súil againn, sa díospóireacht mhór atá romhainn, gur féidir leis an teanga fís níos ionchuimsithí agus níos forasaí d’Éirinn nua a spreagadh.”
Ag caint ag an seoladh inniu, dúirt údar agus príomh-thaighdeoir na tuarascála, Róisín Nic Liam:
"Is idirghabháil thráthúil é an tuairisc seo a mholann do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fís dhearfach, fhorásach, cheartbhunaithe a leagan amach don teanga in aon socrú polaitiúil nua. Go deimhin, cuirtear na deiseanna claochlaitheacha a bhainfeadh leis an athrú bunreachtúil ar shúilibh na léitheoirí, agus aithnítear Éire aontaithe nua ar deireadh thiar mar a bheadh deis stairiúil ann an caidreamh idir an Ghaeilge, an stát agus muintir na hÉireann trí chéile a athshocrú ó bhonn. Déantar amhlaidh i gcomhthéacs theip an dá dhlínse ó thuaidh agus ó dheas freastal ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó críochdheighleadh an tír, d'ainneoin dul chun cinn áirithe le blianta beaga anuas.”
“Is minic a cuireadh an Ghaeilge in iúl sna comhráití ar an athrú bunreachtúil go dtí seo ar bhonn an-diúltach, in áit í a phlé mar a bheadh teanga bheo phobail ar fud na hÉireann í, agus ceist cheartbhunaithe dá réir. Fágann sé seo gur phléigh idir lucht léinn agus pholaiteoirí sinseareacha leis an nGaeilge mar rud go bhféadfaí ísliú céime a thabhairt dó amach anseo, nó mar rud gur gá athmhachnamh a dhéanamh air i gcás aontacht na hÉireann. Go deimhin, is minic an Ghaeilge á cur in iúl mar a bheadh cipín idirbheartaíochta nó ábhar siombalach comhghéillte ann sna comhráití céanna.”
“Cuirtear clabhsúr leis an tuairisc trí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a lonnú mar a bheadh "ailtirí lárnacha" ann i múnlú Éireann nua, agus moltar ar deireadh thiar gur cheart don phobal úd "an deis stairiúil seo a bhaineann le comhráití na haontachta a thapú lenár bhfís fhorásach féin a leagan amach ó thaobh [thodhchaí] na teanga agus na Gaeltachta."
Is féidir an tuarascáil a léamh anseo:
LEAGAN GAEILGE: https://drive.google.com/file/d/1UhyrvfWQba29xZVlaI5t1MwBzjwXi9Q8/view
LEAGAN BÉARLA: https://drive.google.com/file/d/125g9f938PgovjLR4TD8PK9X3qTbXoYOm/view
Teagmháil:
Pádraig Ó Tiarnaigh,
Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
+44 7545 293841 |
Conchúr Ó Muadaigh,
Advocacy Manager, Conradh na Gaeilge
+44 7596 520262 |
IG | Facebook: @cnagaeilge
X: @CnaG
