Tháinig daltaí na sraithe sinsearaí ó Ghaelcholáistí agus scoileanna Gaeltachta le chéile chun todhchaí na Gaeilge agus na saincheisteanna atá roimh Ghaeilgeoirí óga an lae inniu a phlé.
Bhí Ard-Fheis na nÓg 2026 ar siúl ón 21-23 Aibreán i nGaeltacht na nDéise, Co. Phort Láirge, ag tabhairt le chéile breis is 100 dalta ó 12 scoil ar fud na tíre chun páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí bríomhara agus imeachtaí cultúrtha.
Bhí an oscailt oifigiúil ar siúl tráthnóna Dé Máirt i gColáiste na Rinne, le haoichainteoirí, Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Aoife Ní Chonchúir ó Údarás na Gaeltachta, agus Caibríní de Barra, Bainisteoir Forbartha le Comhlucht Forbartha na nDéise.
Dé Céadaoin, ghlac daltaí páirt i réimse ceardlann iontach, ina measc seisiúin ar chearta teanga agus na meáin shóisialta, chomh maith le siúlóid dúlra timpeall timpeall na nDéise. Bhí céilí bríomhar an oíche sin, le ceol ó dhaltaí áitiúla ag tabhairt na scoláirí le chéile chun a dteanga agus a gcultúr a cheiliúradh.
Thar na trí lá, thug na daltaí cur i láthair ar phríomhthéamaí Ard-Fheis na bliana seo - Cúrsaí Intleachta Saorga : Deiseanna agus Dúshláin nó Spriocanna Earcaíochta Sheirbhísí Poiblí Gaeilge faoin mbliain 2030. Bhí cuir i láthair cruthaitheacha, físeáin agus amhráin i measc na mbealaí ar chuir siad a gcuid smaointe in iúl. Bhí deis ag na daltaí vótáil ar son nó i gcoinne na rúin a cuireadh i láthair agus cuirfear na rúin a ritheadh le linn na hócáide faoi bhráid Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge anois.
I measc na mór-rún a ritheadh bhí:
- " Molann an Ard Fheis na nÓg seo nach leor é Plean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge, agus gur chóir dó díriú ar an teanga a chur chun cinn go héifeachtach don ghnáth-theanga, labhartha, leathúil, agus ní hamháin don earnaíl phoiblí"
- "Molann an Ard-Fheis na nÓg seo gur athraigh Intleacht Shaorga cúrsaí foghlama amach is amach ó tháinig sí isteach”
- "Molann an Ard-Fheis na nÓg seo go bhfuil níos mó mí-buntáistí ná buntáistí bainteacht le hIntleacht Shaorga”
Dúirt Sibéal Ní Dhuibhir, Bainisteoir Óige le Conradh na Gaeilge:
“Tá Ard-Fheis na nÓg ar cheann de bhuaicphointí na bliana dúinn i gConradh na Gaeilge agus ardú meanman amach is amach a bhí san ócáid i mbliana. Thar tréimhse trí lá, phlé na Gaeil óga ceisteanna, téamaí, deiseanna agus dúshláin ábhartha, ag freagairt ceisteanna móra ár linne go slachtmhar, le cumas agus beocht. Léirigh an ócáid seo cé chomh láidir, muiníneach agus cumasach is atá an chéad ghlúin eile de chainteoirí Gaeilge.
Táimid thar a bheith buíoch do Choláiste na Rinne as ucht ionad den scoth a chur ar fáil dúinn i nGaeltacht na nDéise, agus freisin do Chomhlucht Forbartha na nDéise, Údarás na Gaeltachta, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta as a dtacaíocht.”
Dúirt Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge,
“Ba mhór an pléisiúr dom fáilte a chur roimh Ard-Fheis na nÓg chuig Gaeltacht na nDéise i mbliana. Bhí an fuinneamh agus an díograis a thug na scoláirí inspioráideach, agus ba mhór an t-údar misnigh é daoine óga a fheiscint chomh tógtha leis an teanga. Tá imeachtaí mar seo riachtanach chun todhchaí bhríomhar a chinntiú don teanga, agus táimid bródúil as a bheith mar chuid den iarracht sin.”
Bronnadh trí ghradam ar an Déardaoin mar aitheantas ar ardchaighdeán na gcur i láthair:
- Úsáid is Fearr Teicneolaíochta - Gaelcholáiste na Mara, Cill Mhantáin
- Scileanna Taighde is Fearr - Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath
- Taispeántas is Cruthaithí - Coláiste Cois Life, Baile Átha Cliath
Bhí plé painéil Gairmeacha le Gaeilge ar siúl freisin ar an Déardaoin ina raibh Mollaí Nic Eochaidh mar bhean an tí, Caibríní de Barra, Laoise Keevers, Oifigeach Forbartha Gaeilge leis an tionscnamh Barr na gCnoc, agus an craoltóir Joe McGee, a roinn léargais ar an raon leathan deiseanna gairmiúla atá ar fáil trí Ghaeilge.
Tá fáilte roimh iarratais ó Oifigigh Phleanála Teanga go foireann Chonradh na Gaeilge más mian libh go mbeadh Ard-Fheis na nÓg in bhur gceantar an bhliain seo chugainn!
Ar líne:
#AFnanÓg
IG : @gaeltachtx @cnagaeilge
X : @CnaG
TEAGMHÁLAITHE
Sibéal Ní Dhuibhir | Bainisteoir Óige
+353 (0)89 4488712 | +353 (0)1 4757401
66 Sráid Camden Íochtarach, BÁC2 |
Kate Ní Dhubhlaoich | Feidhmeannach Cumarsáide
66 Sráid Camden Íochtarach, BÁC2
NÓTA DON EAGARTHÓIR
Is togra de chuid Chonradh na Gaeilge í Ard-Fheis na nÓg, atá ar siúl i mbliana i gColáiste na Rinne, Gaeltacht na nDéise, Contae Phort Láirge. Tá maoiniú curtha ar fáil d’Ard-Fheis na nÓg a bhuíoch le: Údarás na Gaeltachta, Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge agus faoin scéim Gluaiseacht ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
