Skip to main content

Mairéad Ní Fhátharta, príomhoide Gaeltachta, tofa mar Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge

Reáchtáladh an chéad chruinniú den Choiste Gnó nuacheaptha an deireadh seachtaine seo caite, áit ar toghadh Mairéad Ní Fhátharta ina Tánaiste úr ar Chonradh na Gaeilge don bhliain amach romhainn.  

 

Is as Inis Meáin ó dhúchas do Mhairéad agus tá sí mar cheannródaí in oideachas agus i bhforbairt pobail na Gaeilge. Trína ceannaireacht agus a tiomantas, chuir sí go mór le cur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge, go háirithe sna pobail Ghaeltachta. Ina ról mar phríomhoide ar Choláiste Naomh Eoin, tá Mairéad tar éis tacú leis an tumoideachais lán-Ghaeilge, ag cothú nasc domhain idir daltaí Gaeltachta agus a dteanga dhúchais féin. Freisin tá ról lárnach aici i gcaomhnú chultúr na Gaeilge & pobail Ghaeltachta a chothú ina ról mar Chathaoirleach ar Chomhlacht Forbartha & ar Phleanáil Teanga Inis Meáin chomh maith lena ról mar Chathaoirleach ar Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge. 

 

Léiríonn a ceapachán mar Thánaiste a tiomantas fadtréimhseach don teanga agus a fís dá todhchaí araon. 

Dúirt Tánaiste nua-thofa Chonradh na Gaeilge, Mairéad Ní Fhátharta: 

“Is cúis ollmhór bhróid agus áthais dom gur toghadh mar Thánaiste ar Chonradh na Gaeilge mé. Creidim go láidir gur cheart guthanna phobal na nGaeltachtaí a bheith i gcroílár gach cinneadh faoi thodhchaí ár dteanga. Táim tiomanta seasamh le muintir na Gaeltachta, chun a chinntiú go gcloistear agus go dtacaítear leis na guthanna sin, taobh le pobal na Gaeilge ar fud an oileáin chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a neartú agus na mór-fheachtais a bhaineann le tithíocht, oideachas, maoiniú agus cearta teanga a bhrú chun cinn fud fad na hÉireann.“

 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: 

“Tugann Mairéad Ní Fhátharta taithí, fís agus dúthracht eisceachtúil chuig ról tábhachtach seo san eagraíocht. Bíonn tionchar leanúnach aici ar oideachas, sa phleanáil teanga agus i bhforbairt phobail, go háirithe sa Ghaeltacht. Tágann an ceapachán ag am iontach cinniúnach tráth a bhfuil ghéarchéim tithíochta le réiteach sa Ghaeltacht. Tá Mairéad gníomhach le Conradh na Gaeilge le fada an lá, chaith sí roinnt blianta ar an Choiste Ghnó agus tá áthas mór orm fáilte a chur roimpi mar Thánaiste. Táimid muiníneach go neartóidh a ceannaireacht go mór ár n-iarrachtaí an Ghaeilge a chur chun cinn ag gach leibhéal den tsochaí.” 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.