Skip to main content

Beag is Big - Feachtas nua de chuid BÁC le Gaeilge

Cuireadh tús le feachtas nua ‘Beag is Big’ an tseachtain seo chun gnólachtaí nua Gaeilge i mBaile Átha Cliath a mhealladh agus an Ghaeilge a chur chun cinn ina n-áit oibre.  

 

Tá BÁC le Gaeilge, comhthogra leis an gComhairle Cathrach agus Conradh na Gaeilge le maoiniú ón Roinn Turasóireachta Cultúir Ealaíon Gaeltachta Spóirt agus Meán, ag dul ó neart go neart ó a bunaíodh é in 2022. Tá níos mó ná 80 gnó ar líonra gnó ‘Labhair Linn’ faoi láthair ar fud fad cathair Bhaile Átha Cliath. Beartaíodh le déanaí go mbeidh an feachtas ag leathnú amach go limistéar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus táthar ag súil go mbeidh 100 gnólacht Gaeilge cláraithe roimh dheireadh na bliana. 

 

Beidh feachtas Beag is Big ag díriú ar dhaoine agus ar ghnólachtaí a bhfuil beagán Gaeilge acu ach ag iarraidh seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil do chustaiméirí agus níos mó Gaeilge a úsáid ina n-áit oibre. 

 

Tá borradh ollmhór feicthe ag BÁC le Gaeilge i spéis na teanga agus le gnólachtaí a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil. Is é príomhaidhm an fheachtais ná an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí agus í a chur chun cinn san Ardchathair. Beidh Beag is Big ag freastal ar na gnólachtaí, na díoltóirí agus na custaiméirí a bhfuil spéis acu a bheith páirteach sa réabhlóid teanga atá faoi lánseol faoi láthair ach b’fhéidir nach bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu go fóill.

 

De réir suirbhé Amárach Research, a rinneadh in 2025, tá 162,400 duine a bhfuil Gaeilge acu i mBÁC agus tá fás 14% ar líon na gcainteoirí Gaeilge san ardchathair ó 2006. De bharr sin, tá deis airgid a dtugtar ‘An Euro Gaelach’ air, ag teacht chun cinn do ghnólachtaí a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do chustaiméirí. Dúradh sa suirbhé, go mbeadh 41% de dhaoine níos mó ná sásta airgead a chaitheamh i ngnó Gaeilge ná ceann gan Gaeilge ar bith. 

 

Dar le Stephen Troy, Úinéir Troy’s Butchers, Sráid an Mhúraigh:

“Tá an Ghaeilge tar éis bonn custaiméirí nua a oscailt dúinn. Tagann daoine isteach chugam as gach áit ar domhain agus iad anois ag cleachtadh teanga dúchasach na tíre seo. Beadh cúpla céad duine ag teacht isteach chugam ag ordú ispíní agus slisíní trí Ghaeilge!

Molaim go mór le miondíoltóir ar bith teagmháil a dhéanamh le BÁC le Gaeilge má bhfuil spéis acu an Ghaeilge chur chun cinn sa gnó.”

De réir taighde á dhéanamh ag BÁC le Gaeilge, ceaptar go gcruthaíonn gnólachtaí i líonra gnó “Labhair Linn” BÁC le Gaeilge breis agus 6,720 deis labhartha gach mí agus déantar €17000 sa bhreis gach bliain.

Dar le Mícheál Ó Nualláin - Stiúrthóir BÁC le Gaeilge:

“Tá na céadta mílte duine i mBaile Átha Cliath in ann Gaeilge a labhairt, ach níl go leor deiseanna acu í a úsáid ina saol laethúil. Ní fadhb teanga atá againn - is fadhb úsáide atá ann. 

Le ‘Beag is Big’, táimid ag tabhairt deis do ghnólachtaí an bhearna sin a líonadh - trí dheiseanna fíorúla, laethúla a chruthú don Ghaeilge.

Araon leis na deiseanna sóisialta agus cultúrtha - táimid ag feiceáil anois go soiléir go bhfuil luach eacnamaíoch ag baint leis seo - an ‘Euro Gaelach’ atá muid ag tabhairt ar. . Tá sé simplí - beagán Gaeilge, tionchar mór. Má tá suim ag gnólacht ar bith a bheith páirteach, táimid anseo chun tacú leo gach céim den bhealach.”

 

Teagmháil:

Tá tuilleadh eolais ar fáíl ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó baclegaeilge.ie 

Grianghraif

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.