‘Dualgas anois ar an Ollscoil éilimh na mac léinn a chur i bhfeidhm’
Vótáil 4,607 mac léinn (91.88%) ar son an Ghaeilge a chur ar aon dul leis an Bhéarla; vótáil 407 (8.12%) i gcoinne an reifrinn. Deirtear gurb é an reifreann is mó maidir le líon vótaí i stair na hOllscoile, le 5,014 vóta trí chéile
Tháinig deireadh aréir le reifreann ar chearta Gaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, reifreann 10 lá a thosaigh ar an 10ú Márta 2026. D’fhoilsigh Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Banríona torthaí an reifrinn ar maidin. Baineadh comharthaíocht dhátheangach anuas ó Ollscoil na Banríona in 1997 agus ó shin is i mBéarla amháin a dhéanann an Ollscoil riar ar chomharthaíocht agus ar bhrandáil.
Seo a leanas na príomh-fhóralacha a bhí ar an rún ar glacadh leis sa reifreann seo:
- “Go nglacfaidh an Ollscoil le agus go gcuirfidh siad polasaí Gaeilge i bhfeidhm a chuireann an Ghaeilge agus an Béarla ar chomhleibhéal mar theangacha oifigiúla na hOllscoile.
- Go nglacfaidh an Ollscoil le polasaí Gaeilge a chuireann féiniúlacht chorparáideach dhátheangach i bhfeidhm, le hainm agus lógó dátheangach san áireamh.
- Go nglacfaidh an Ollscoil le polasaí Gaeilge a chuireann comharthaíocht dhátheangach, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, i bhfeidhm.
- Go gcuirfear seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil agus go mbeidh na seirbhísí a leanas ar fáil i nGaeilge: foirmeacha oifigiúla na hOllscoile, seirbhísí riaracháin, na teastais ollscoile.”
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:
“Mar iar-mhac léinn Ollscoil na Banríona, a bhí ann i ndiaidh gur baineadh comharthaíocht dhátheangach de na ballaí san Ollscoil, tá fíor-áthas orm le torthaí stairiúla an reifrinn seo. Tá mic léinn na hOllscoile i ndiaidh mandáid iontach go deo láidir a thabhairt d’Aontas na Mac Léinn agus don Ollscoil chun comhionannas teanga a chur i bhfeidhm agus an Ghaeilge agus an Béarla a chur ar chomhleibheál mar theangacha oifigiúla na hOllscoile. Leis sin uilig, ní mór anois d’Ardbhainistíocht Ollscoil na Banríona deireadh a chur lena bpolasaí Béarla amháin agus túr oifigiúil a chur le cur chuige dátheangach atá fréamhaithe go domhan sa dea-chleachtas, sa chomhionannas agus san ionchuimsitheacht. Léiríonn na torthaí seo, mar a léirigh torthaí comhairliúcháin eile thar na mblianta, go bhfuil tacaíocht fhorleathan ann do fhorálacha agus tacaíocht don Ghaeilge. Breis agus 25 bliain ar aghaidh ó gealladh ‘gníomh diongbháilte don Ghaeilge’ i gComhaontú Aoine an Cheasta is é seo an t-ionchas polasaí is lú gur cheart go mbeadh muid ag súil leis ó institiúid phoiblí a chuireann béim ollmhór ar bhunluachanna ar nós measa agus an ionracais. Is mian liom na mic léinn sa Chumann Ghaelach a mholadh go hard na spéire as an cheannasaíocht, an dúthracht, an tiomántas agus an fhís atá léirithe acu agus ag na mic léinn a tháinig rompu le blianta anuas.”
Dúirt Eoghan Ó Conghaile, ball de Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona:
“Is lá cinniúnach é seo do phobal na Gaeilge in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. In ollscoil ina ndearna an Leas-Seansailéir cáilíocht ar ár dteanga mar theanga atá ionsaitheach, bagrach agus maslach, vótáil a gcuid mic léinn go mór ar son an chomhionannais teanga. Thacaigh siad lenár dteachtaireacht maidir le dearfacht, cuimsitheacht agus éagsúlacht. Táimid thar a bheith buíoch do gach duine den [uimhir] mac léinn a thapaigh an deis seo chun a nguthanna a ardú.”
“Treisíonn an toradh seo leis an mhéid a bhí ar eolas againn, mar Chumann, cheana féin; go bhfuil spéis, éileamh agus tacaíocht shuntasach ann don Ghaeilge ar fud champas na hollscoile agus níos faide i gcéin. Leanann An Ghaeilge uirthi ag fás agus ag forbairt ar fud na sochaí, ag cur le saol gach duine a mbíonn teagmháil acu léi. A bhuí le héachtaí an reifrinn seo, athrófar tírdhreach teangeolaíoch na hollscoile, a bhfuil cur chuige aonteangach, as dáta i bhfeidhm le blianta fada anuas, go hiomlán.”
“Tá an taithí s’againn le hOllscoil na Banríona ina micreacosma den taithí laethúil a bhíonn ag an iliomad Gaeilgeoirí ar fud an tuaiscirt; go ndéantar na héilimh is réasúnta ar chomhionannas a chur ar leataobh nó a chrosadh go dtí go bhfaightear cead nó beannacht ó mhionlach beag bídeach atá go hiomlán i gcoinne na Gaeilge. Chothaigh an cur chuige seo a mhalairt iomlán den timpeallacht ionchuimsitheach, fáilteach a mhaíonn an ollscoil go bhfuil siad bródúil aisti.”
“Táimid ag súil go mór anois go gcuirfear in airde láithreach comharthaíocht dhátheangach in Aontas na Mac Léinn, agus leis an chomharthaíocht chéanna sin a chur in airde ar fud champas Ollscoil na Banríona. Is mian linn an deis seo a thapú chun iarraidh ar an Leas-Seansailéir, an tOllamh Ian Greer, amlíne agus coimitmint poiblí a thabhairt go bhforbrófar agus go gcuirfear i bhfeidhm polasaí cuimsitheach Gaeilge d'Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.“
An Reifreann:
Is féidir teacht ar bhuntéacs an Reifrinn anseo:
