Nuair a chéad rinneadh an suirbhé, bhí ar a laghad 64 cónaitheoir ar son, agus gan ach 3 i gcoinne. Dhiúltaigh Comhairle Ard Mhacha, Dhroicead na Banna agus Craigavon an t-iarratas ar feadh breis agus 3 bliana.
Cuireadh tús le himeachtaí um Athbhreithniú Breithiúnach in éadan Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon (ADC) i ndiaidh dóibh diúltú d’iarratas ar chomhartha sráide dátheangach i gCnoc Cois Coille, Bóthar Gharbhachaidh, Port an Dúnáin, d’ainneoin gur sháraigh na cónaitheoirí gach tairseach agus gur lean siad gach nós imeachta de chuid na Comhairle. Cuireadh tús leis an phróiseas dlí in Eanáir 2024.
Faoi chritéir nós imeachta na Comhairle dá bpolasaí sráidainmneacha, is gá go mbeadh achainí ó 33% de chónaitheoirí in éineacht le hiarratas ar bith agus tá ar a laghad 66%+ (⅔+) de thacaíocht de dhíth ó chónaitheoirí ar an chlár toghthóirí i suirbhé sráide na Comhairle. Cuireadh an t-iarratas, in éineacht leis an achainí 33%, isteach i mí Mheán Fómhair 2022 agus thóg sé 6 mhí sula ndearna an Chomhairle an suirbhé sráide i mí Eanáir 2023. D’ainneoin na moille suntasaí agus na tairsí airde laistigh den pholasaí, d’éirigh leis an iarratas an tacaíocht chuí a fháil agus cinneadh go raibh an t-iarratas báillí, le ar a laghad 64 cónaitheoir ag caitheamh vóta ar son an iarratais agus 3 ina éadan.
Nuair a cuireadh an t-iarratas os comhair Choiste Pleanála ADC ar an 4ú Deireadh Fómhair 2023, breis is bliain ar aghaidh ó rinneadh an t-iarratas, diúltaíodh don iarratas. Seasadh thar an chinneadh seo ag cruinniú iomlán de chuid na Comhairle ar an 23ú Deireadh Fómhair 2023 ar vóta de 19-21. Is ansin a chuir an cónaitheoir ar an tsráid tús leis an athbhreithniú breithiúnach.
Inniu, cuireadh deireadh leis an chás cúirte sin agus an comhartha sin faofa faoi dheireadh ag Comhairle ADC ag a gcruinniú iomlán ar 23 Feabhra 2026. Cuirfear an comhartha in airde gan mhoill.
Tháinig an cónaitheoir, Iris Hagan, a thóg an cás cúirte, baill teaghlaigh, a foireann dlí, Gavin Booth (Phoenix Law) agus ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge le chéile ag an Ard-Chúirt le leagan den chomahrtha sráide chun an ceann scríbe a chéiliúradh.
Dúirt Iris Hagan, cónaitheoir Chnoc Cois Coille a thóg an t-athbhreithniú breithiúnach:
“Tá áthas an domhain orm go bhfuil an próiseas fada seo tagtha chun dea-chríche agus faoi dheireadh, go cuirfear toil shoiléir chonáitheoirí Chnoc Cois Coille i bhfeidhm. Beagnach ceithre bliana ar aghaidh ó rinne muid an t-iarratas don chomhartha dátheangach dár sráid beidh ár dteanga dhúchais le feiceáil in airde ar Chnoc Cois Coille. Mar sheanmháthair dhaltaí Gaeloideachais cuirfidh an comhartha seo in iúl go soiléir dóibh go bhfuil fáilte rompu, go bhfuil fáilte roimh a dteanga dhúchais agus nach gcuirfidh aon mhéid mhoille nó aon mhéid diúltaithe a gcuid ceart as feidhm. Is mian liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do m’fhoireann dlí, Gavin Booth ó Phoenix Law, le Jude Bunting KC, Karl McGuckin BL, mar aon le foireann Chonradh na Gaeilge a thug comhairle agus tacaíocht ollmhór dúinn ón chéad lá.”
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge:
“Tá ról lárnach le himirt ag comhairlí áitiúla i gcosaint agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus tá coimitmintí ar leith acu faoin dlí agus treoir idirnáisiúnta. Tá iompar Chomhairle Ard Mhacha, Dhroicheadh na Banna agus Craigavon le beagnach 4 bliana anuas dochosanta. Tá polasaí na Comhairle deartha chun bac ollmhór a chur roimh an Ghaeilge agus tá polasaí den chineál seo, le tairseach ollmhór, cáinte go trom ag Comhairle na hEorpa le déanaí. Agus cé gur sháraigh cónaitheoirí Chnoc Cois Coille tairseach éagothrom na Comhairle go soiléir, agus cé go raibh tromlach ollmhór ar son na comhartha, dhiúltaigh Comhairleoirí Aontachtacha don iarratas arís agus arís eile. Léiríonn an bua seo, áfach, nach féidir linn geilleadh riamh, nach mór dúinn ár bhfód a sheasamh agus ár gceart a éileamh go soiléir agus go leanúnach. Molann muid go mór díogras, fuinneamh agus tiomántas Iris Hagan agus a teaghlach nár ghéill orlach riamh agus a chinntigh go mbeidh an Ghaeilge curtha in airde go hoifigiúil ar a sráid as seo amach.”
Dúirt Gavin Booth ó Phoenix Law:
“In Eanáir 2024 chuir muintir Hagan tús le himeachtaí cúirte i gcoinne Chomhairle Ard Mhacha, Dhroichead na Banna agus Craigavon i ndiaidh don Comhairle a n-iarratas ar son na comharthaíochta sráide dátheangaí a dhiúltú i nDeireadh Fómhair 2023. Inniu, is cinnte gur cruthaíodh go raibh an ceart ag muintir Hagan agus ag mórthromlach chónaitheoirí Chnoc Cois Coille ón tús. Cuireann muid fáilte chroíúil roimh an scéal go mbeidh comhartha sráide nua Gaeilge Béarla á chur in airde gan mhoill i gCnoc Cois Coille, Bóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin.”
Grianghraf anseo: https://drive.google.com/drive/folders/1Fh7QW3Rg_-jI_u7Q0M_jOcBV9ZrdqcAe?usp=drive_link
Pic 1: (Clé go deas): Pádraig Ó Tiarnaigh (Conradh na Gaeilge), Gavin Booth (Phoenix Law), Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes, Cuisle Nic Liam (Conradh na Gaeilge).
Pic 2: (Clé go deas): Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes
Pic 3: (Clé go deas): Pádraig Ó Tiarnaigh (Conradh na Gaeilge), Gavin Booth (Phoenix Law), Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes, Cuisle Nic Liam (Conradh na Gaeilge).
Pic 4: (Clé go deas): Nóe Ó hAgáin-Fontes, Irish Hagan, Macha Ní Agáin-Fontes, Róisín Ní Agáin-Fontes
