Baile Átha Cliath, Éire - 5 Márta, 2026: Don tríú bhliain as a chéile, tá Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus TikTok ag teacht le chéile chun Lá na Teicneolaíochta a cheiliúradh mar chuid do Sheachtain na Gaeilge 2026. Déanann an t-imeacht bhliantúil ceiliúradh ar ról na teicneolaíochta i gcur chun cinn agus caomhnú na Gaeilge san aois dhigiteach, ag tabhairt deiseanna nua do chainteoirí Gaeilge agus d’fhoghlaimeoirí ar fud an domhain nascadh leis an teanga.
Chun Lá na Teicneolaíochta 2026 a cheiliúradh, bhailigh mic léinn agus múinteoirí ó ar fud na hÉireann le chéile ag ceanncheathrú TikTok i mBaile Átha Cliath le haghaidh pléphainéal agus ceardlanna dírithe ar an nGaeilge. Thug an ócáid, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge [@cnagaeilge] i gcomhpháirtíocht le TikTok agus Gael Linn (@Gael_Linn), deis taithí a fháil ar an nGaeilge mar theanga bheo lasmuigh den seomra ranga agus chun a láithreacht mhéadaitheach ar na meáin shóisialta mar TikTok a phlé.
Buaicphointe den ócáid do mhic léinn ab ea plé painéil le hEmma Ní Chearúil, bainisteoir Raidió Rí-Rá mar bhean an tí, le cruthaitheoirí móra TikTok i nGaeilge: Laura Pakenham [@laurajpakenham], Shaun with a Fada [@shaunwithafada], agus Ciara Ní É [@miseciara].
Labhair na cainteoirí faoina dtaithí ag cur na Gaeilge chun cinn ar líne agus na deiseanna iomadúla atá faighte acu mar thoradh ar a bheith ar ardán cosúil le TikTok.
Ag labhairt faoina thaithí féin, dúirt Shaun with a Fada:
“Cuidíonn TikTok liom nascadh le mo phobal ar fud an domhain agus domsa is í an Ghaeilge an nasc comhroinnte atá againn. Tá an Ghaeilge beo bríomhar ar an aip agus inniu táim ar bís an deis a bheith ann í a cheiliúradh le daoine óga.”
Inniu le beocht agus cruthaitheacht na Gaeilge a chur chun cinn agus a phlé tháinig breis agus 60 dalta agus múinteoir ó fud fad na tíre le bheith páirteach i Lá na Teicneolaíochta. D'fhorbair siad a gcuid ábhar, d'fhoghlaim siad conas ábhair a chur chun cinn i mbealaí idirghníomhacha agus bhaineadar leas as modhanna nuálaíocha chun an Ghaeilge a úsáid ar TikTok.
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Ceann TikTok na hÉireann, Elaine Fox:
"Tá áthas orainn fáilte a chur roimh mhic léinn ó gach cearn den Éirinn chun Lá na Teicneolaíochta 2026 a cheiliúradh. Is í seo ár dtríú bliain ag ceiliúradh an ócáid seo anseo in oifigí TikTok i mBaile Átha Cliath, agus is iontach an chaoi a leanann an Ghaeilge ag fás agus ag forbairt ar an ardán. Ag obair le Conradh na Gaeilge, ba mhaith linn a thaispeáint cé chomh cruthaitheach agus dinimiciúil is féidir ábhar Gaeilge a bheith ar líne agus na cruthaitheoirí a chuireann chun tosaigh é a cheiliúradh. Tá súil againn go leanfaidh na cruthaitheoirí óga seo ag spreagadh tonn nua de léiriú na Gaeilge i spásanna digiteacha."
Ag labhairt di faoin ócáid, dúirt Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:
"Léiríonn Lá na Teicneolaíochta cé chomh beo agus cruthaitheach is atá an Ghaeilge ar líne faoi láthair. Is iontach an rud é níos mó daoine óga a fheiceáil ag úsáid na Gaeilge ar bhealaí nua ina scéalaíocht dhigiteach. Déanann an comhoibriú idir Chonradh na Gaeilge agus TikTok ceiliúradh ar an nasc idir eagraíocht Ghaeilge sean-bhunaithe agus ceann de na hardáin meán sóisialta is aitheanta. Táimid ag súil go spreagfaidh imeacht an lae inniu go leor daoine le hábhair a chruthú trí Ghaeilge.
Tá Seachtain na Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge. Tá an fhéile maoinithe ag Foras na Gaeilge agus an Ciste Spreagthga le tacaíocht ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta.
Ar Líne
X: @SnaGaeilge / Instagram: @snagaeilge
#SnaG26
