Skip to main content

Mí na Gaeilge á cheiliúradh ag Raidió Rí-Rá ar FM Náisiúnta!


Mairfidh Seachtain na Gaeilge 30 lá do stáisiún Gaeilge na n-óg

 

Tá foireann Raidió Rí-Rá ag tabhairt cuireadh chun éisteachta d’aos óg na tíre - agus an pobal níos leithne! - le linn mhí an Mhárta agus Seachtain na Gaeilge 2026 á cheiliúradh acu le ceadúnas 30 lá craoltóireachta ar aerthonnta Bhaile Átha Cliath (105.2fm), Luimnigh (105.5fm), Chorcaí (106.7fm), agus na Gaillimhe (87.7fm) - maraon le gnáthbhealaí éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá, agus ar Fáilte DAB i gCúige Laighean - a bhuí le Coimisiún na Meán agus tacaíocht ón Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe, agus na Gaeltachta, urraithe ag an RSA.

 

Tá an tréimhse seo ar FM á reáchtáil mar chuid den bhfeachtas leanúnach atá ag Raidió Rí-Rá a stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg a chur ar aerthonnta náisiúnta ar bhonn lánaimsertha. Díríonn Raidió Rí-Rá ar lucht éisteachta 15-34 bhliain d’aois, ach tugtar san áireamh freisin an fáilte a chuireann tuismitheoirí atá ag tógáil páistí le Gaeilge roimh stáisiúin siasiúil agus feiliúnach do ghasúir óga (agus dóibh féin!).

 

Dar le Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin go bhfuil an stáisiún “ag léiriú arís agus arís go bhfuil tóir ar stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg, agus gur féidir le Raidió Rí-Rá, a bunaíodh ar an gcúis chéanna sin, an seirbhís a sholáthair.”

 

Deir Emma Ní Chearúil, Bainisteoir an Stáisiúin: ní bheidh sceideal speisialta á chraoladh, ach an ngnáthsceideal a chloistear chuile lá ar Raidió Rí-Rá mar atá, idir fhoireann agus craoltóirí deonacha ag cur cláracha ceoil, cúrsaí nuachta, ábhar cainte agus siamsaíochta i láthair ó mhaidin go hoíche. Léiriú é seo ar an dul chun cinn atá déanta againn le cúpla bliain anuas, agus an chaoi go bhfuil muid réidh tabhairt faoi cheadúnas náisiúnta lánaimseartha ar FM. Mar is gnáth, beidh béim ar chomhionnanas inscne, tús áite do cheol na hÉireann agus na Gaeilge, agus sainspéis maidir leis an bpopchultúr agus ábhar atá feiliúnach d’aos óg na tíre seo

 

Tá urraíocht á dhéanamh ag an RSA ar an tréimhse FM seo, agus dar leo… “Tá ríméad ar an RSA tacú le bogadh Ri-Ra go FM, agus tacú leis na meáin Ghaeilge agus iad ag cur teachtaireachtaí tábhachtacha sábháilteachta bóthair ar fáil dá n-éisteoirí.

Tá foireann an stiúideo ag súil le hidirghníomhaíocht an phobail le linn na tréimhse seo freisin: ar Whatsapp, áit ar féidir glórtheachtaireachtaí, téacsanna agus iarratais cheoil a chur chuig 085 765 3787. Cloisfear Raidió Rí-Rá ar na minicíochtaí seo ón 1 - 30 Márta 2026:

Baile Átha Cliath 105.2fm

Corcaigh 106.7fm

Luimneach 105.5fm

Gaillimh 87.7fm

CRÍOCH

 

Eolas don eagarthóir:

Íomhánna

Raidió Rí-Rá

Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá atá ag craoladh trí Ghaeilge ó 2008 le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus ón Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe, agus na Gaeltachta. Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí agus bíonn an chaint ar fad déanta trí Ghaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce. Tá sceideal lán le ceol, spraoi agus greann againn gach lá ar Raidió Rí-Rá.

Teagmháil

Bainisteoir Stáisiúin Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Bainsiteoir Margaíochta Raidió Rí-Rá Aisling Ní Dhonnabháin Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.