Skip to main content

‘Gradam an Uachtaráin’ le bronnadh ar an ghníomhaí cearta agus teanga Fergus Ó hÍr & Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar ais i mBéal Feirste don chéad uair ó 1996

Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana le bronnadh ar Cholmán Ó Raghallaigh ó Chraobh Chlár Chlainne Mhuiris & aitheantas spéisialta ar Chomhaltas Uladh ag céiliúradh 100 bliain ar an fhód

 

Beidh Gradam an Uachtaráin le bronnadh ar Fergus Ó hÍr ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo, 20-22 Feabhra 2026. Tá an Ard-Fheis ar siúl san Óstán Europa, Béal Feirste. Seo an chéad uair go raibh an Ard-Fheis i mBéal Feirste ó 1996, tráth a raibh Gearóid Ó Cairealláin, a cailleadh ar na mallaibh, mar Uachtarán ar an Chonradh. Roimhe sin, ní raibh an Ard-Fheis i mBéal Feirste ó 1932. Duais bhliantúil is ea é ‘Gradam an Uachtaráin’ a bhronntar ar dhuine ar leith a bhfuil éachtaí déanta acu ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta, roghnaithe ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge. 

 

Tá clú agus cáil ar Fergus Ó hÍr mar ghníomhaí teanga, pobail agus cearta i mBéal Feirste le fada an lá. Is feachtasóir iomráiteach ar son ceartas sóisialta é Fergus chomh maith as Iarthar Bhéal Feirste a bhfuil 50 bliain taithí aige le gluaiseachtaí agus i bhfeachtais éagsúla. Bhí sé lárnach san fheachtas ar son Chearta Sibhialta agus sa ghluaiseacht in éadan na mBlocanna H. Toghadh é mar chomhairleoir le Halla na Cathrach ar son Daonlathas an Phobail in 1981 agus lean sé ar aghaidh chun ról lárnach a imirt in athbheochan na Gaeilge mar phríomhoide ar Mheánscoil Feirste sna 90idí agus ina bhainisteoir ar Raidió Fáilte i mBéal Feirste ina dhiaidh sin. Toghadh Fergus ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste in 1996.

 

Cuirfear tús le hArd-Fheis Chonradh na Gaeilge inniu, Dé hAoine 20 Feabhra, le sraith imeachtaí i rith an lae, idir seoltaí leabhair, seimineáir, ceardlanna podchraoltaí agus seoladh taighde ar Éirinn Nua. Anocht, beidh aoichaint na hArd-Fheise le tabhairt ag An Choimisinéir Gaeilge ó thuaidh, an Dr Pól Deeds agus rachaidh An Coimisinéir i mbun comhrá ansin leis an chraoltóir raidió agus teilifíse Máirín Ní Ghadhra. 

 

Ina dhiaidh sin, cuirfidh Máirín Ní Ghadhra pléphainéal na hArd-Fheise i láthair. Is é ‘An Ghaeilge in Éirinn Aontaithe: Ag tógáil tír nua do na glúnta atá le teacht’ téama na díospóireachta idir Teachtaí Dála agus Comhaltaí Tionóil: Declan Kearney, CTR (Sinn Féin), Garret Kelleher, Seanadóir (Fine Gael), Patsy McGlone, CTR (SDLP) agus Naoise Ó Cearúil, TD (Fianna Fáil). 

 

Dé Sathairn, mar chuid de ghnó na hArd-Fheise, déanfar plé ar na rúin atá molta ag craobhacha agus baill Chonradh na Gaeilge, toghfar Uachtarán agus Coiste Gnó don bhliain romhainn. I measc na rún a ndéanfar plé orthu, beidh teachtaí agus craobhacha ag plé cheisteanna práinneacha ar nós na tithíochta sa Ghaeltacht, polasaí teanga thuaidh agus theas, agus beidh rún stairiúil chun bunreacht Chonradh na Gaeilge a leasú chun gníomhú i dtreo Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta i measc mhór-cheisteanna na hArd-Fheise seo.

 

Beidh Tionól speisialta do na mic léinn, tógfaidh an tOllamh Fionntán de Brún lucht na hArd-Fheise ar turas treoraithe i lár na Cathrach, beidh podchraoladh beo ann agus beidh ócáid speisialta do theaghlaigh, i measc neart imeachtaí eile i rith an lae. Cuirfear clabhsúr ar an Ard-Fheis le dinnéar do na teachtaí go léir, áit a mbronnfar Gradam an Uachtaráin ar hÍr,  mar aon le Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana ar a Cholmán Ó Raghallaigh ó Chraobh Chlár Chlainne Mhuiris ar son na hoibre ar fad atá déanta aige do chur chun cinn na Gaeilge ina Chraobh féin, le mórphobal Mhaigh Eo agus ar fud na tíre uilig. 

 

Ag labhairt ar Ghradam an Uachtaráin, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

“Is ollmhór an tionchar a bhí ag Fergus Ó hÍr ar Ghaeil Bhéal Feirste ar an phobal ó thuaidh le leathchead bliain anuas. Aithneoidh na mílte é mar ghníomhaí ar son an cheartais shoisialta agus aithneoidh glúin iomlán eile é mar an chéad Phríomhoide ar Mheánscoil Feirste, an chéad mheánscoil lán-Ghaeilge ó thuaidh. Chaith sé seal fada ansin mar Bhainisteoir ar Raidió Fáilte, áit a ndearna sé éachtaí ar son na meán craolta Gaeilge. D’imir sé tionchar claochlaitheach orm agus mo chairde scoile ar fad agus muid ag dul fríd an scoil, agus lasmuigh de gheataí na meánscoile, is beag feachtas nó mórshiúil ar son chearta an duine agus ar son na Gaeilge nach raibh baint ceannaireachta ag Fergus leo. Tá fergus fós i gcroí lár saol na Gaeilge agus saol sóisialta na cathrach agus club folk á reáchtáil go seachtainiúl aige agus céirníní ceoil dá chuid saothar féin a chur amach aige. Tá muid go mór mór i dtuilleamaí Fergus de bharr na hoibre uilig atá déanta aige ar son phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus ar fud na tíre.” 

 

Agus ag caint maidir le haitheantas speisialta a bheas le tabhairt do Chomhaltas Uladh a bheas 100 Bliain ar an fhód, dúirt Julian de Spáinn, Ard--Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

 

“Tá lúcháir mhór orm go mbeidh deis againn aitheantas speisialta a bhronnadh ar Chomhaltas Uladh, dáil Chúige Uladh de Chonradh na Gaeilge, an deireadh seachtaine seo ag an Ard-Fheis, agus iad ag ceiliúradh 100 bliain ar an fhód. Ní haibhéil a rá nach mbeadh an Ghaeilge mar atá sí ó thuaidh nó i gCúige Uladh ach ab ea iarrachtaí ceannródaíocha Chomhaltas Uladh ó 1926 ar aghaidh, a sheas isteach sa bhearna bhaoil agus an Ghaeilge faoi ionsaí fíochmhar sa stát nua ó thuaidh, tráth a raibh sí á díbirt ón chóras scolaíochta, go raibh cosc á chur uirthi go poiblí agus a raibh sí ar lág trá trí chéile. Sheas Comhaltas Uladh an fód, agus le hobair chlaochlaitheach sna scoileanna, ag riar Feiseanna, ag bunú Coláistí Samhraidh agus ag soláthar scoláireachtaí do dhaoine óga le dul chun na Gaeltachta, chinntigh an Comhaltas gur éirigh leis an Ghaeilge theacht i réim ó thuaidh in athuair. Déanann muid comóradh ar na ceannródaithe atá imithe uainn agus comhghairdeas leo siúd atá fós af tabhairt bladhaire teanga chun cinn ó ghlúin go gliúin.”

 

Beidh Gradam an Uachtaráin, Gradam Speisialta do Chomhaltas Uladh agus an Gradam d’Oibrí Deonach Náisiúnta na bliana le bronnadh san oíche amárach, Dé Sathairn 21 Feabhra ag 9.00i.n. 

 

TUILLEADH EOLAIS

 

Is féidir teacht ar chlár iomlán na hArd-Fheise, ar na rúin agus tuairiscí ón eagraíocht anseo: cnag.ie/afcnag 

 

X: #AFCnaG @CnaG 

Instagram: #AFCnaG @cnagaeilge

 

TEAGMHÁIL

 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+44 77 16690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

Julian de Spáinn

Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge

+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.   

 

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Uachtarán, Conradh na Gaeilge

+44 7545 293841 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Kate Ní Dhubhlaoich 

Feidhmeannach Cumarsáide, Conradh na Gaeilge

+353 87 389 8255 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 D02 X201
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.