CEOLTÓIRÍ Á LORG AG PRÍOMHPHOINTE TEAGMHÁLA AGUS TACAÍOCHTA CHEOL NA nGAEL
Seoladh, Glór Ár Linne, scéim tacaíochta do cheoltóirí Gaeilge anuraidh atá á reáchtáil ag Raidió Rí-Rá le tacaíocht ó Éire Ildánach agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. I mbliana tá sé mar aidhm ag an scéim tuilleadh tacaíochta a sholáthair.
Tá sé i gceist anois tógáil ar an mbunscéim, agus na seirbhísí seo a sholáthair:
-
Traenáil, meantóireacht agus tacaíocht phraiticiúil
-
Ceardlanna leo siúd atá ag obair san earnáil (scríbhneoireacht, taifead, léiriúchán ceoil, margaíocht, agus eile)
-
Tacaíocht preasa agus poiblíochta
-
Seisiúin scríbhneoireachta, deiseanna stiúideo, agus úsáid spásanna cruthaitheacha
-
Sraith ócáidí beo ó Mhárta 2026 i mBleá Cliath, a chruthóidh ardán nua do cheol na Gaeilge
-
Tacaíocht agus maoiniú do ghigeanna féin-eagraithe
Anuas air seo beidh bunachar á thógáil agus gníomhaireacht ar bun idir cheoltóirí Gaeilge agus féilte agus ócáidí náisiúnta.
Ón tseachtain seo tá ceoltóirí agus bannaí - nua agus fadbhunaithe - á lorg le clárú don bhunachar agus seirbhís sep. Cuirfear fáilte roimh cheoltóirí tabhairt faoin scéim oiliúna, agus roimh cheoltóirí reatha clárú don bhunachar a chuirfear os comhair dreamanna ar nós Festival Republic, Electric Picnic, Féile na Gealaí, MCD agus eile.
Beidh oiliúint na scéime á stiúradh ag Cara Dunne, ceoltóir leis an mbanna Mongoose, agus dar léi: “tá an tallann ann cheana féin, níl le déanamh ach ardán a thabhairt dó. Táimid ag lorg ceoltóirí atá dáiríre faoina gceird, a bhfuil uathu foghlaim conas dul i ngleic leis an earnáil ceoil, agus a gceol a chur os comhair na sluaite ag féilte na hÉireann agus ar ardáin idirnáisiúnta.”
Dar le Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil go bhfuil “ról lárnach ag an gceol, cultúr agus na healaíona sa bhfís úr atá ag daoine óga ar mhaith leo saol trí Ghaeilge a thógáil, agus ba mhaith linn a chinntiú go gcuirtear ar bhóthar a leasa an chéad Kneecap, RÓIS nó Huartan eile agus iad ag déanamh iarrachta dul i bhfeidhm ar an earnáil cheoil.
“Tá craos ar éisteoirí anois tuilleadh ceoil Gaeilge agus Gaelach a chloisteáil, agus tá spéis úr ag féilte agus ionaid ceoltóirí le Gaeilge a chur ar ardáin,” a deir Emma. “Tá sé mar aidhm againn freastal ar an éileamh sin agus ceoltóirí Gaeilge a nascadh leis na féilte agus luchtanna féachana seo. Tá sé mar aidhm againn bunachar ceoltóirí a thógáil le gur féidir leo siúd a eagraíonn féilte teacht isteach ar an gceol úr Gaelach is fearr in aon seánra. Tá ceol na hÉireann agus ceol Gaeilge mar príomhthosaíocht ag Raidió Rí-Rá i gcónaí agus táimid ag súil le hardán a thabhairt do na ceoltóirí seo ar Raidió Rí-Rá agus ar Rí-Rá ar RnaG ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.”
Iarratais:
Glór Ár Linne - Ceoltóirí Nua
Glór Ár Linne - Ceoltóirí Reatha
CRÍOCH
Eolas don eagarthóir:
Raidió Rí-Rá
Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá atá ag craoladh trí Ghaeilge ó 2008, le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta. Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí agus bíonn an chaint ar fad déanta trí Ghaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce. Tá sceideal lán le ceol, spraoi agus greann againn gach lá ar Raidió Rí-Rá. Beidh Raidió Rí-Rá BEO ar FM do Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Luimneach, Corcaigh.
Teagmháil
Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil
Comhordaithe Ghlór Ár Linne
