Skip to main content

Fáilte Roimh na hAirí Gaeltachta Nua

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh cheapadh Jimmy Deenihan TD ina Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus roimh cheapadh Dinny McGinley TD ina Aire Stáit ar Ghnóthaí Gaeltachta ag an Taoiseach Enda Kenny TD an tseachtain seo.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tréaslaíonn Conradh na Gaeilge leis an Rialtas nua as seasamh leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 trí Aire sinsearach a cheapadh agus Roinn Rialtais a choimeád ar a mbeidh lárfhreagracht maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta fós ann - tá sé ríthábhachtach don teanga go mbeadh ionadaíocht aici agus ag an nGaeltacht ar choiste comh-aireachta an Rialtais."

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an gcinneadh Dinny McGinley a cheapadh ina Aire Stáit le freagracht ar leith aige do ghnóthaí Gaeltachta freisin, go háirithe ó bhí an tUasal McGinley TD ina bhall de Fhochoiste an Chomhchoiste Oireachtais um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a d'ullmhaigh tuairisc cuimsitheach maidir leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a láidriú agus a bhfuair tacaíocht traspháirtí don Straitéis trí chéile.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Mar bhall den bhFochoiste agus mar chainteoir dúchais ó Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall, tá idir thaithí agus thuiscint na mblianta ag an Aire Stáit Dinny McGinley ag plé le cúrsaí Gaeltachta.

"Tuigeann an tAire McGinley go rímhaith an phráinn a bhaineann le moltaí na Straitéise 20 Bliain a chur i bhfeidhm le líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht araon, agus léiríonn cinneadh an Rialtais nua chun Aire Stáit a cheapadh le freagracht ar leith as gnóthaí Gaeltachta go bhfuil siad dáiríre faoi aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht agus faoin nGaeilge a chur a chun cinn."

Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil sé ag dul do phobal na Gaeilge go mbeadh ionadaíocht mar is cóir ag an teanga agus ag na ceantair Ghaeltachta ag bord an Rialtais, agus tá an t-eagras teanga ag súil le dul i mbun oibre leis an Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nua, Jimmy Deenihan TD, agus leis an Aire Stáit ar Ghnóthaí Gaeltachta, Dinny McGinley TD, chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 a neartú agus a chur i bhfeidhm ina hiomláine.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.